Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 3:18-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air,ach an té nach gcreideann ann,tá daorbhreith tugtha air cheana féin,mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin.

19. Agus an daorbhreith, is mar seo í:mar gur tháinig an solas isteach sa saol,agus gur rogha leis na daoine an dorchadas thar an solasde bhrí gurbh olc iad a ngníomhartha.

20. Óir gach duine a bhíonn ag déanamh an oilc,bíonn fuath aige don solas agus seachnaíonn sé an solas,le heagla go gcáinfí a ghníomhartha.

21. Ach an té a dhéanann an fhírinne,tagann sé chun an tsolais,chun go dtaispeáinfí gur i nDiaa rinneadh a ghníomhartha.”

22. Ina dhiaidh sin tháinig Íosa agus a dheisceabail i ndúiche Iúdáia agus d'fhan sé ansiúd leo agus bhí ag déanamh baiste.

23. Bhí Eoin ag baisteadh comh maith in Aenón in aice le Sailím mar bhí fliúirse uisce ann; agus thagadh na daoine ann agus bhaistí iad.

24. Óir bhí Eoin fós gan cur i gcarcair.

25. D'éirigh ansin aighneas idir deisceabail le hEoin agus Giúdach faoin íonghlanadh.

26. Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: “A raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige.”

27. D'fhreagair Eoin: “Ní féidir do dhuine aon ní a ghlacadh,” ar sé, “mura dtugtar dó ó neamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 3