Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 3:15-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. i dtreo, gach duine a chreideann ann,go mbeidh an bheatha shíoraí aige.

16. Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór singur thug sé a Aonghin Mic uaidhi dtreo, gach duine a chreideann ann,nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.

17. Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saola chuir Dia a Mhac uaidh ar an saolach chun go slánófaí an saol tríd.

18. An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air,ach an té nach gcreideann ann,tá daorbhreith tugtha air cheana féin,mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin.

19. Agus an daorbhreith, is mar seo í:mar gur tháinig an solas isteach sa saol,agus gur rogha leis na daoine an dorchadas thar an solasde bhrí gurbh olc iad a ngníomhartha.

20. Óir gach duine a bhíonn ag déanamh an oilc,bíonn fuath aige don solas agus seachnaíonn sé an solas,le heagla go gcáinfí a ghníomhartha.

21. Ach an té a dhéanann an fhírinne,tagann sé chun an tsolais,chun go dtaispeáinfí gur i nDiaa rinneadh a ghníomhartha.”

22. Ina dhiaidh sin tháinig Íosa agus a dheisceabail i ndúiche Iúdáia agus d'fhan sé ansiúd leo agus bhí ag déanamh baiste.

23. Bhí Eoin ag baisteadh comh maith in Aenón in aice le Sailím mar bhí fliúirse uisce ann; agus thagadh na daoine ann agus bhaistí iad.

24. Óir bhí Eoin fós gan cur i gcarcair.

25. D'éirigh ansin aighneas idir deisceabail le hEoin agus Giúdach faoin íonghlanadh.

26. Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: “A raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige.”

27. D'fhreagair Eoin: “Ní féidir do dhuine aon ní a ghlacadh,” ar sé, “mura dtugtar dó ó neamh.

28. Is finnéithe sibh féin orm go ndúirt mé: ‘Ní mise an Críost, ach gur cuireadh roimhe amach mé.’

29. An té a bhfuil an nuachair aige, sin é an céile;ach cara an chéile,atá ina sheasamh ag éisteacht leis,tagann racht áthais air de bharr guth an chéile.An t‑áthas mar sin atá ormsa, tá sé iomlán.

30. Ní foláir dósan méadú, ach domsa laghdú.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 3