Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 17:13-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Ach anois táim ag teacht ag triall ort,agus tá an chaint seo á rá agam ar an saol,ionas go mbeadh an lúcháir is liomsago hiomlán acu iontu féin.

14. Thug mé dóibh do bhriathar,agus thug an saol fuath dóibh,óir ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise.

15. Nílim á ghuí go dtógfá as an saol iad,ach go gcoinneofá ón Olc iad.

16. Ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise.

17. Déan iad a naomhú san fhírinne.Is fírinne do bhriathar.

18. Faoi mar a chuir tusa mise uait isteach sa saol,chuir mise iadsan isteach sa saol.

19. Naomhaím mé féin ar a son,ionas go mbeidh siadsan, chomh maith,naomhaithe san fhírinne.

20. Ní ar a son-san amháin atáim ag guí,ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoinea chreidfidh ionam trína mbriathar;

21. ionas go mba aon iad go léir,faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsaagus mise ionatsa;go mbeidís seo ina n‑aon ionainni dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé.

22. Agus an ghlóir a thug tú dom,thug mise dóibhsean é,ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne;

23. mise iontu-san, agus tusa ionam-sa,ionas go mba aon iad go foirfe,agus go mbeadh a fhios ag an saolgur chuir tú uait mé,agus gur thug tú grá dóibh seofaoi mar a thug tú grá domsa.

24. A Athair, an mhuintir a thug tú dom,is mian liom, an áit ina bhfuilimse,iadsan a bheith ann mar aon liom,ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir,an ghlóir a thug tú dom;mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain.

25. A Athair na córa, ní raibh aithne ag an saol ort;ach bhí aithne agamsa ort,agus bhí a fhios acu seo gur chuir tú uait mé.

26. Agus thug mé dóibh, agus tabharfaidh, eolas ar d'ainm,ionas, an grá a thug tú dom,go mbeadh sé iontu seo, agus mise iontu.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 17