Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 17:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúirt Íosa an chaint sin agus ar thógáil a shúl chun na bhflaitheas dúirt sé:“A Athair, tá an uair tagtha.Tabhair glóir do do Mhac,ionas go dtabharfadh do Mhac glóir duit:

2. faoi mar a thug tú cumhacht dó ar an uile dhuine,ionas, gach duine a thug tú dó,go dtabharfaidh sé an bheatha shíoraí dóibh.

3. Is í seo an bheatha shíoraí:iad a chur aithne ortsa, an t‑aon Dia fírinneach amháin,agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait.

4. Thug mise glóir duit ar talamh;tá an obair déanta agam a thug tú dom le déanamh.

5. Agus anois mar sin, a Athair,tabhair-sé glóir domsa i do láthairleis an nglóir chéanna a bhí agam i do láthair,sula raibh an domhan ann.

6. D'fhoilsigh mé d'ainmdo na daoine a thug tú dom as an saol;ba leatsa iad, agus thug tú domsa iad,agus tá do bhriathar coinnithe acu.

7. Tá a fhios acu anois gur uaitse,gach ní dár thug tú dom;

8. óir na briathra a thug tú dom, thug mé dóibh iad,agus ghlac siad iad agus thuig siad go fíorgur uaitse a tháinig mé,agus chreid siad gur tú a chuir uait mé.

9. Ar a son atáim ag guí; ní ar son an tsaoilatáim ag guí ach ar son na muintirea thug tú dom, mar is leatsa iad.

10. Leatsa gach ní is liomsaagus liomsa gach ní is leatsa,agus tá glóir faighte agam iontu.

11. Nílim ar an saol feastaach tá siadsan ar an saolagus táim ag dul ag triall ortsa.A Athair naofa coinnigh iad i d'ainm -an t‑ainm a chuir tú faoi mo chúram,ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne.

12. Fad a bhí mé faru,choinnigh mé iad i d'ainm- an t‑ainm a chuir tú faoi mo chúram,agus thug mé aire dóibh,agus níor imigh íde ar aon duine acu,ach ar mhac na híde,ionas go gcomhlíonfaí an scrioptúr.

13. Ach anois táim ag teacht ag triall ort,agus tá an chaint seo á rá agam ar an saol,ionas go mbeadh an lúcháir is liomsago hiomlán acu iontu féin.

14. Thug mé dóibh do bhriathar,agus thug an saol fuath dóibh,óir ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise.

15. Nílim á ghuí go dtógfá as an saol iad,ach go gcoinneofá ón Olc iad.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 17