Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 16:26-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. Iarrfaidh sibh i m'ainm an lá sin,agus nílim á rá libhgo ndéanfaidh mé achainí ar an Athair ar bhur son.

27. Óir tá cion ag an Athair féin oraibh,de bhrí go raibh cion agaibh orm,agus gur chreid sibhgur ó Dhia a ghabh mé amach.

28. Ghabh mé amach ón Athair, agus tháinig mé ar an saol.Táim ag fágáil an tsaoil arís,agus táim ag triall ar an Athair.”

29. Dúirt a dheisceabail leis: “Féach, tá tú ag caint go hoscailte feasta agus ní solaoid ar bith atá tú á rá.

30. Tá a fhios againn anois go bhfuil fios gach uile ní agat, agus nach gá duit go mbeadh duine ar bith do do cheistiú. As seo a chreidimid gur ó Dhia a ghabh tú amach.”

31. D'fhreagair Íosa iad:“An gcreideann sibh anois?

32. Féach, tá an uair ag teacht,agus tá sí ann cheana féin,nuair a scaipfear sibh,gach duine chun a bhaile féin,agus fágfaidh sibh mise i m'aonar.Ach nílim i m'aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram.

33. Labhair mé na nithe sin libh,chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa.Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh.Tá buaite agamsa ar an saol.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 16