Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 16:11-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. i dtaobh an bhreithiúnais, de bhrí go bhfuíl daorbhreithtugtha cheana féin ar phrionsa an tsaoil seo.

12. Tá mórán eile le rá agam libh,ach ní fhéadann sibh iad a fhulaingt anois;

13. ach nuair a thiocfaidh sé siúd, Spiorad na Fírinne,déanfaidh sé eolas daoibh chun an uile fhírinne.Óir ní as féin a labhróidh;labhróidh sé na nithe a chuala sé,agus inseoidh sé daoibh na nithe atá le teacht.

14. Tabharfaidh sé glóir domsa,óir is de mo chuidse a ghlacfaidhagus a inseoidh sé daoibh.

15. An uile ní dá bhfuil ag m'Athair, is liomsa é.Uime sin a dúirt mé:‘Is de mo chuidse a ghlacfaidhagus a inseoidh sé daoibh.’

16. “Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé níos mó,agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm,mar táim ag triall ar an Athair.”

17. Ansin dúirt cuid dá dheisceabail le chéile: “Cad é seo a deir sé linn: ‘Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile, agus beidh radharc agaibh orm’; agus ‘mar táim ag triall ar an Athair’?”

18. Dá bhrí sin dúirt siad: “Cad é an ‘tamall beag’ é seo a deir sé? Níl a fhios againn cad is ciall lena chomhrá.”

19. Bhí a fhios ag Íosa gur mhian leo é a cheistiú agus dúirt sé leo: “Tá sibh ag fiafraí dá chéile cad is ciall leis an rud a dúirt mé: ‘Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm.’

20. Amen, Amen, a deirim libh,beidh sibhse ag gol agus ag caoineadh,ach beidh an saol ag déanamh áthais.Beidh sibhse buartha,ach iompófar bhur mbuairt chun áthais.

21. Nuair a bhíonn bean ina luí seoil,bíonn buairt uirthi, de bhrí go bhfuil a hionú tagtha.Ach nuair a bhíonn an leanbh saolaithe,ní bhíonn cuimhne aici ar an trioblóid a thuilleadh,le barr áthais go bhfuil duine saolaithe.

22. Agus sibhse mar an gcéanna,tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh,agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais,agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n‑áthas díbh.

23. An lá sin ní bheidh aon cheist le cur agaibh orm.Amen, Amen, a deirim libh,má iarrann sibh ní ar bith ar an Athairtabharfaidh sé daoibh é i m'ainm-sé.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 16