Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 15:12-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Is í seo m'aithne:sibh a thabhairt grá dá chéile,faoi mar a thug mé grá daoibh.

13. Níl grá ag aon duine níos mó ná seogo dtabharfaidh duine a anam ar son a chairde.

14. Sibhse mo chairdemá dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.

15. Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta,mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir.Ach thug mé cairde oraibh,óir gach a gcuala ó m'Athair,chuir mé in iúl daoibh é.

16. Ní sibhse a rinne mise a thoghadh,ach mise a rinne sibhse a thoghadh,agus a cheapadh chun go n‑imeodh sibhagus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh;i dtreo, cibé ní a d'iarrfadh sibh ar an Athair i m'ainm,go dtabharfadh sé daoibh é.

17. Is iad seo m'aitheanta daoibh:sibh a thabhairt grá dá chéile.

18. “Má thugann an saol fuath daoibh,bíodh a fhios agaibh gur thug sé fuath domsa romhaibh.

19. Dá mba den saol sibhbheadh cion ag an saol ar a chuid féin.Ach de bhrí nach den saol sibhach go ndearna mise sibh a thoghadh as an saol,uime sin atá fuath ag an saol daoibh.

20. Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh:‘Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir.Má rinne siad géarleanúint ormsa,déanfaidh siad géarleanúint oraibhse chomh maith.Má choinnigh siad mo bhriatharsa,coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.

21. Ach déanfaidh siad na nithe seo go léir libh,ar son m'ainmse,mar nach raibh aithne acu ar an té a chuir uaidh mé.

22. Mura dtiocfainn agus labhairt leo,ní bheadh peaca orthu.Ach anois níl leithsceal acu i dtaobh a bpeaca.

23. An té ar fuath leis mise,is fuath leis m'Athair chomh maith.

24. Mura ndéanfainn na hoibreacha ina measc,nach ndearna aon duine eile,ní bheadh peaca orthu.Ach anois chonaic siad, agus is fuath leo,mise agus m'Athair, in éineacht.

25. Ach ionas go gcomhlíonfaí an focalatá scríofa sa dlí acu [é sin]:‘Thug siad fuath dom gan chúis.’

26. Nuair a thiocfaidh an tAbhcóidea chuirfidh mé chugaibh ón Athair,Spiorad na Fírinne a ghluaiseann ón Athair,déanfaidh sé fianaise orm.

27. Déanann sibhse fianaise freisin,mar bhí sibh in éineacht liom ó thosach.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 15