Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 14:24-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. An té nach mbíonn grá aige dom,ní choinníonn sé mo bhriathra.Ach an briathar a chluineann sibh, ní liom féin é,ach leis an Athair a chuir uaidh mé.

25. Tá an méid sin inste agam daoibh,fad a bhí mé ag fanacht agaibh,

26. ach an tAbhcóide, an Spiorad Naomh,a chuirfidh an tAthair uaidh i m'ainmse,múinfidh seisean an uile ní daoibh,agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh,ar inis mise daoibh.

27. Fágaim síocháin agaibh;tugaim mo shíocháin daoibh.Ní thugaim daoibh í mar a thugann an saol í.Ná bíodh bhur gcroí buartha agus ná bíodh eagla air.

28. Chuala sibh mé á rá libh:‘Táim ag imeacht uaibh,agus tiocfaidh mé ar ais chugaibh.’Dá mbeadh grá agaibh dom,bheadh áthas oraibh,óir táim ag dul go dtí an tAthair,mar is mó an tAthair ná mise.

29. Agus anois, tá sé inste agam daoibh,sula dtiocfaidh sé chun críche,ionas, nuair a thiocfaidh sé chun críche,go gcreidfidh sibh.

30. Ní labhróidh mé mórán eile libh,mar tá prionsa an tsaoil seo ag teachtagus níl neart ar bith aige ormsa.

31. Ach caithfidh an saol a aithintgo bhfuil grá agam don Athair,agus go ndéanaim de réir mar a d'ordaigh an tAthair dom.Éirígí, agus téimis as seo.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 14