13. Cibé ní a iarrfaidh sibh i m'ainm déanfaidh mé é,i dtreo go dtabharfaí glóir don Athair tríd an Mac.
14. Má iarrann sibh aon ní orm i m'ainm,déanfaidh mé é.
15. Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh m'aitheanta.
16. Agus iarrfaidh mé ar m'Athair é,agus tabharfaidh sé Abhcóide eile daoibhchun fanacht faraibh go deo -
17. Spiorad na Fírinne,nach féidir don saol a ghlacadh,mar ní fheiceann sé é ná ní aithníonn sé é.Ach aithníonn sibhse émar fanann sé faraibh, agus beidh sé ionaibh.
18. Ní fhágfaidh mé in bhur ndílleachtaí sibh;tiocfaidh mé ar ais chugaibh.
19. Tamall beag eile agus siúd é an saolagus gan radharc aige ormsa feasta;ach tá radharc agaibhse orm,óir táimse beo agus beidh sibhse beo chomh maith.
20. An lá sin aithneoidh sibh go bhfuilimse i m'Athair,agus go bhfuil sibhse ionamsa, agus mise ionaibh.
21. An té a bhfuil m'aitheantasa aige agus a choinníonn iad,sin é an té a bhfuil grá aige dom.An té a bhfuil grá aige dom,beidh grá ag m'Athair dó,agus beidh grá agam dó,agus taispeánfaidh mé mé féin dó.”
22. Dúirt Iúdás - níorbh é fear Isceiriót é: “A Thiarna, cad é seo? Nach bhfuil tú chun tú féin a thaispeáint don saol, ach dúinne?”
23. D'fhreagair Íosa:“Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis,“coinneoidh sé mo bhriathar,agus beidh grá ag m'Athair dó,agus tiocfaimid chuige,agus déanfaimid cónaí mar aon leis.