Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 14:1-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ná bíodh buaireamh ar bhur gcroí:creideann sibh i nDia; creidigí ionamsa leis.

2. Is iomaí áras i dteach m'Athar.Mura mbeadh, d'inseoinn daoibh é.Óir táim ag dul ag cur áite i gcóir daoibh,

3. agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh,tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin;i dtreo, an áit ina mbeidh mise,go mbeidh sibhse chomh maith.

4. Tá eolas na slí agaibh mar a bhfuilim ag dul.”

5. Dúirt Tomás leis: “A Thiarna, ní eol dúinn cá bhfuil tú ag dul agus cén chaoi is féidir dúinn eolas na slí a bheith againn?”

6. Dúirt Íosa leis:“Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha.Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.

7. Dá mbeadh aithne agaibh ormsa,d'aithneodh sibh m'Athair chomh maith.Tá aithne agaibh air feasta,agus tá radharc faighte agaibh air.”

8. Dúirt Pilib leis: “A Thiarna, taispeáin dúinn an tAthair agus is leor dúinn sin.”

9. Dúirt Íosa leis: “An bhfuilim an fad sin aimsire, a Philib, in bhur measc agus gan aithne agat orm?An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair.Conas, mar sin, a deir tú:‘Taispeáin dúinn an tAthair’?

10. Nach gcreideann tú go bhfuilimse san Athairagus an tAthair ionamsa?Na briathra a labhraímse libh,ní uaim féin a labhraím iad,ach an tAthair atá ina chónaí ionamsa,eisean a dhéanann na hoibreacha.

11. Creidigí uaimse é go bhfuilimse san Athairagus an tAthair ionamsa.

12. Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin.Amen, Amen, a deirim libh,an té a chreideann ionamsa,na hoibreacha a dhéanaimse,déanfaidh seisean iad chomh maith,agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad;mar táimse ag dul chun an Athar.

13. Cibé ní a iarrfaidh sibh i m'ainm déanfaidh mé é,i dtreo go dtabharfaí glóir don Athair tríd an Mac.

14. Má iarrann sibh aon ní orm i m'ainm,déanfaidh mé é.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 14