Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 1:35-51 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

35. Lá arna mhárach arís bhí Eoin ina sheasamh ansiúd agus beirt dá dheisceabail.

36. Agus ag stánadh dó ar Íosa ag gabháil thart dúirt sé: “Seo é Uan Dé.”

37. Chuala an bheirt deisceabal é ag rá na cainte agus lean siad Íosa.

38. D'iompaigh Íosa, chonaic iad á leanúint agus dúirt sé leo: “Cad tá uaibh?” D'fhreagair siad é: “A raibí” - is é sin le rá “a mháistir” - “Cá bhfuil cónaí ort?”

39. “Tagaigí agus feicigí,” ar sé leo. Tháinig siad dá bhrí sin agus chonaic siad cá raibh cónaí air, agus d'fhan siad fairis an lá sin. Bhí sé timpeall an deichiú huair.

40. Duine den bheirt a chuala Eoin agus a lean Íosa a ba ea Aindrias, deartháir Shíomóin Peadar.

41. Fuair seisean ar dtús a dheartháir féin Síomón agus dúirt sé leis: “Fuaireamar an Meisias” - is é sín le rá an tUngthach.

42. Thug sé leis é chun Íosa. D'fhéach Íosa go grinn air agus dúirt: “Is tú Síomón mac Eoin. Tabharfar ort Céafas” - focal a chiallaíonn Carraig.

43. Lá arna mhárach bheartaigh sé dul don Ghailíl agus fuair sé Pilib. Dúirt Íosa leis: “Lean mise.”

44. Ó Bhéatsáide, ó chathair Aindriais agus Pheadair, a ba ea Pilib.

45. Fuair Pilib Natanael agus dúirt sé leis: “An té úd ar ar scríobh Maois sa dlí agus ar ar scríobh na fáithe, fuaireamar é, Íosa mac Iósaef ó Nazarat.”

46. Dúirt Natanael: “As Nazarat? An féidir aon ní fónta a theacht as sin?” “Tar agus feic,” a dúirt Pilib leis.

47. Chonaic Íosa Natanael ag teacht chuige agus dúirt ina thaobh: “Sin Iosraelach dáiríre nach bhfuil aon fheall ann.”

48. “Cén chaoi a n‑aithníonn tú mé?” arsa Natanael leis. D'fhreagair Íosa: “Sular ghlaoigh Pilib ort,” ar sé leis, “agus tú faoin gcrann fígí, chonaic mé thú.”

49. D'fhreagair Natanael é: “A raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael.”

50. D'fhreagair Íosa: “De bhrí go ndúirt mé leat,” ar sé leis, “go bhfaca mé thú faoin gcrann fígí creideann tú. Feicfidh tú nithe is mó ná iad seo.

51. Go deimhin féin, a deirim libh,” ar sé leis, “go bhfeicfidh sibh na flaithis ar oscailt agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 1