Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 1:25-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. agus chuir siad ceist air: “Cén fáth a mbíonn tú ag baisteadh más ea,” ar siad, “mura thú an Críost, nó Éilias, nó an fáidh?”

26. Thug Eoin freagra orthu: “Déanaim féin baisteadh le huisce,” ar seisean, “ach tá duine in bhur measc nach aithnid daoibh,

27. an té atá ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh.”

28. I mBeatáine, taobh thall den Iordáin, a tharla an méid sin mar a raibh Eoin ag déanamh baiste.

29. Lá arna mhárach chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.

30. Eisean an té a ndúirt mé faoi: ‘Tá duine ag teacht i mo dhiaidh a bhfuil tosach aige orm, mar bhí sé ann romham.’

31. Níorbh aithnid dom féin é, ach is chun go nochtfaí d'Iosrael é a tháinig mé ag baisteadh le huisce.”

32. Agus thug Eoin fianaise: “Chonaic mé,” ar sé, “an Spiorad, mar cholm, ag tuirlingt air ó na flaithis agus ag fanacht air.

33. Níorbh aithnid dom féin é, ach an té a sheol mé ag baisteadh le huisce, dúirt seisean liom: ‘An té ar a bhfeicfidh tú an Spiorad ag tuirlingt agus ag fanacht air, eisean an té a bhaisteann leis an Spiorad Naomh.’

34. Chonaic mé agus is finné mé gurb é seo Mac Dé.”

35. Lá arna mhárach arís bhí Eoin ina sheasamh ansiúd agus beirt dá dheisceabail.

36. Agus ag stánadh dó ar Íosa ag gabháil thart dúirt sé: “Seo é Uan Dé.”

37. Chuala an bheirt deisceabal é ag rá na cainte agus lean siad Íosa.

38. D'iompaigh Íosa, chonaic iad á leanúint agus dúirt sé leo: “Cad tá uaibh?” D'fhreagair siad é: “A raibí” - is é sin le rá “a mháistir” - “Cá bhfuil cónaí ort?”

39. “Tagaigí agus feicigí,” ar sé leo. Tháinig siad dá bhrí sin agus chonaic siad cá raibh cónaí air, agus d'fhan siad fairis an lá sin. Bhí sé timpeall an deichiú huair.

40. Duine den bheirt a chuala Eoin agus a lean Íosa a ba ea Aindrias, deartháir Shíomóin Peadar.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 1