Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 1:22-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Dúirt siad leis mar sin: “Cé hé thú? - chun go mbeadh freagra againn dóibh seo a chuir chugat sinn. Cad tá le rá agat mar gheall ort féin?”

23. Dúirt sé: “Is glór duine mé ag éamh san fhásach: ‘Déanaigí díreach bóthar an Tiarna,’ mar a dúirt Íseáia fáidh.”

24. Ó na Fairisínigh a ba ea na teachtairí,

25. agus chuir siad ceist air: “Cén fáth a mbíonn tú ag baisteadh más ea,” ar siad, “mura thú an Críost, nó Éilias, nó an fáidh?”

26. Thug Eoin freagra orthu: “Déanaim féin baisteadh le huisce,” ar seisean, “ach tá duine in bhur measc nach aithnid daoibh,

27. an té atá ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh.”

28. I mBeatáine, taobh thall den Iordáin, a tharla an méid sin mar a raibh Eoin ag déanamh baiste.

29. Lá arna mhárach chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 1