Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eifisigh 3:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sin é an fáth a bhfuilimse, Pól, agus mé i mo ghéibheannach ag Críost Íosa mar gheall oraibhse, gintlithe -

2. tá iomrá cloiste agaibh, ní foláir, ar an gcúram a thug Dia mar ghrásta dom in bhur gcomhair

3. agus mar a thug sé fios a rúin dom in aisling. Tá scríofa agam faoi seo go hachomair cheana

4. agus má léann sibh é féadfaidh sibh mo léargas-sa ar rúndiamhair Chríost a thuiscint.

5. Níor tugadh fios an rúin seo do na glúinte daoine a chuaigh romhainn ach tá sé arna nochtadh ag Dia anois faoi luí an Spioraid dá aspail naofa agus dá fháithe.

Léigh chaibidil críochnaithe Eifisigh 3