Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eifisigh 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Misean Phóil

1. Sin é an fáth a bhfuilimse, Pól, agus mé i mo ghéibheannach ag Críost Íosa mar gheall oraibhse, gintlithe -

2. tá iomrá cloiste agaibh, ní foláir, ar an gcúram a thug Dia mar ghrásta dom in bhur gcomhair

3. agus mar a thug sé fios a rúin dom in aisling. Tá scríofa agam faoi seo go hachomair cheana

4. agus má léann sibh é féadfaidh sibh mo léargas-sa ar rúndiamhair Chríost a thuiscint.

5. Níor tugadh fios an rúin seo do na glúinte daoine a chuaigh romhainn ach tá sé arna nochtadh ag Dia anois faoi luí an Spioraid dá aspail naofa agus dá fháithe.

6. Agus is é rún é: gur comhoidhrí na gintlithe, gur comhbhaill den aon chorp iad agus go bhfuil siad comhpháirteach sa ghealltanas i gCríost Íosa tríd an dea-scéal.

7. Rinneadh maor ar an dea-scéal sin díomsa nuair a bhronn Dia a ghrásta orm le héifeacht a chumhachta féin.

8. Is mé an duine is dearóile de na naoimh go léir, ach is domsa a tugadh an grásta seo: saibhreas dochuimsithe Chríost a fhógairt do na gintlithe

9. agus leagan amach an rúin a léiriú do chách. Bhí an rún seo folaithe leis na cianta i nDia a chruthaigh gach a bhfuil ann,

10. i dtreo go bhfaigheadh tiarnais agus údaráis na spéire eolas anois tríd an Eaglais ar eagna ilghnéitheach Dé

11. de réir an bheartais shíoraí a chuir sé i bhfeidhm i gCríost Íosa ár dTiarna.

12. Is é Críost a bheir dúinn a bheith teann de bharr ár gcreidimh agus dul go muiníneach i láthair Dé.

13. Impím oraibh, dá bhrí sin, gan bheith domheanmnach mar gheall ar na trioblóidí atá ag cur ormsa ar bhur son, mar is údar glóire daoibh iad.

Guí Phóil

14. Sin é an fáth a dtéim ar mo ghlúine i bhfianaise an Athar

15. óna n‑ainmnítear gach clann ar neamh agus ar talamh.

16. Go dtuga sé daoibh as ollmhaitheas a ghlóire go bhfaighidh sibh neart agus cumas inmheánach trína Spiorad,

17. go gcónóidh Críost in bhur gcroí trí chreideamh, go mbeidh sibh préamhaithe agus bunaithe sa ghrá

18. ar shlí go bhféadfaidh sibh féin agus na naoimh go léir fad agus leithead agus airde agus doimhneas [an ghrá] a thuiscint;

19. go gcuirfidh sibh eolas ar ghrá Chríost atá os cionn tuisceana agus go líonfar sibh de líonmhaireacht iomlán Dé.

20. Glóir don té úd ar féidir dó i bhfad níos mó a dhéanamh ná mar a d'iarrfaimisne nó smaoineamh féin air, tríd an gcumhacht atá ag obair ionainn.

21. Glóir go raibh aige san Eaglais agus i gCríost Íosa ó ghlúin go glúin go brách na breithe. Amen.