Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eabhraigh 11:16-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Ina ionad sin, áfach, is amhlaidh a bhí siad ag tnúth le tír níos fearr, is é sin le rá, le tír neamhaí. Sin é an fáth nár náir le Dia go dtabharfaidís a nDia air mar bhí cathair ullamh aige dóibh.

17. Trí chreideamh d'ofráil Abrahám Íosác nuair a cuireadh triail air. Bhí sé ullamh a aonmhac a íobairt siúd is go bhfuair sé na gealltanais agus

18. go ndúradh leis: “Is trí Íosác a bheidh sliocht ort.”

19. Óir chreid sé go bhféadfadh Dia Íosác a thógáil ó na mairbh féin. Dá bharr sin, tugadh ar ais dó é - eachtra a raibh brí shamhailteach léi.

20. Trí chreideamh freisin thug Íosác beannacht do Iacób agus do Éasau a thiocfadh i gcrích lá níos sia anonn.

21. Trí chreideamh bheannaigh Iacób, agus é ag fáil bháis, gach ceann de mhic Iósaef, agus chrom anuas os cionn a bhata siúil ag moladh Dé.

22. Trí chreideamh labhair Iósaef, agus é i ndeireadh a shaoil, i dtaobh imeacht chlann Iosrael ón Éigipt agus d ordaigh sé dóibh cad ba cheart dóibh a dhéanamh lena chnámha féin.

23. Trí chreideamh choimeád a thuismitheoirí Maois i bhfolach ar feadh trí mhí nuair a rugadh é. Óir chonaic siad gur bhreá an leanbh é agus níorbh eagal leo ordú an rí.

24. Trí chreideamh níor thoil le Maois, nuair a d'fhás sé suas, go dtabharfaí mac iníon Fhorainn air.

25. Óir b'fhearr leis cruatan a fhulaingt in éineacht le pobal Dé ná só díomuan an pheaca a bheith aige.

26. Chreid sé gur thairbhí dó cur suas le maslaí ar son an Mheisias ná stórtha na hÉigipte a shealbhú mar bhí a shúile ar luach saothair a bhí le teacht.

27. Trí chreideamh d'fhág sé an Éigipt ach ní toisc go raibh eagla air roimh fhearg an rí. Óir bhí an Té dofheicthe os comhair a shúl aige i gcónaí.

28. Trí chreideamh cheiliúir sé an Cháisc agus dhoirt sé an fhuil ionas nach mbainfeadh scriostóir na gcéadghinte le clann Iosrael.

Léigh chaibidil críochnaithe Eabhraigh 11