Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eabhraigh 11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Creideamh

1. Is é rud é creideamh ná urra go bhfaighimid na nithe a bhfuilimid ag súil leo agus cruthú gur ann do na nithe nach bhfeicimid.

2. Is mar gheall ar a gcreideamh a tugadh dea-theist ar ár sinsir.

3. Trí chreideamh tuigimid gur cruthaíodh an chruinne trí bhriathar Dé sa chaoi nach as nithe sofheicthe a rinneadh na nithe a fheicimid.

4. Trí chreideamh d'ofráil Áibil íobairt níos fearr ná íobairt Cháin. Dá bharr sin dearbhaíodh dó go raibh sé ina fhíréan mar thaispeáin Dia go raibh sé sásta lena thabhartais. Agus de thairbhe a chreidimh tá sé ag labhairt linn go fóill cé go bhfuil sé marbh.

5. Trí chreideamh tógadh Eineoc suas sna flaithis sa chaoi nár bhlais sé den bhás. Ní raibh fáil air de bhrí gur thóg Dia suas é. Roimh a dheastógáil bhí sé de theist air go raibh sé taitneamhach le Dia.

6. Gan chreideamh ní féidir le duine a bheith taitneamhach leis mar an té atá ag teacht chun Dé ní mór dó a chreidiúint go bhfuil Dia ann agus go dtugann sé luach saothair dá mbíonn á lorg.

7. Trí chreideamh fuair Naoi eolas ó Dhia ar nithe nach raibh le feiceáil go fóill. Ghabh eagla é agus rinne sé an áirc chun a theaghlach a shábháil. Dá bharr sin thug sé daorbhreith ar an saol agus fuair sé ó Dhia an fhíréantacht sin atá bunaithe ar an gcreideamh.

8. Trí chreideamh rinne Abrahám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; d'imigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall.

9. Trí chreideamh chuir sé faoi sa tír tairngire faoi mar ba thír choimhthíoch í. Chaith sé a shaol i mbothanna in éineacht le hÍosác agus le Iacób, beirt a bhí páirteach leis sa ghealltanas céanna.

10. Óir bhí sé ag súil leis an gcathair a bhfuil bunsraith bhuan aici, arb é Dia a hailtire agus a tógálaí.

11. Trí chreideamh freisin fuair Sárá féin neart chun mac a ghabháil d'ainneoin go raibh sí thar an aois chuige. Óir chreid sí gurbh iontaofa an té a thug an gealltanas uaidh.

12. Dá bharr sin, ar aon duine amháin a bhí ionann is marbh tháinig sliocht a bhí chomh líonmhar le réaltaí neimhe nó leis na gráinní do-áirithe gainimh atá ar chiumhais na farraige.

13. Fuair na daoine seo go léir bás sa chreideamh sin gan na maitheasaí a gealladh dóibh a fháil. Ach chonaic siad uathu iad agus bheannaigh siad dóibh, mar a déarfá, agus d'admhaigh siad nach raibh iontu féin ach strainséirí agus coimhthígh ar dhroim an domhain seo.

14. Taispeánann daoine a labhraíonn mar seo go bhfuil tír dhúchais á lorg acu.

15. Dá mbeidís ag cuimhneamh fós ar an tír a d'fhág siad bheadh deis acu ar fhilleadh ar ais uirthi.

16. Ina ionad sin, áfach, is amhlaidh a bhí siad ag tnúth le tír níos fearr, is é sin le rá, le tír neamhaí. Sin é an fáth nár náir le Dia go dtabharfaidís a nDia air mar bhí cathair ullamh aige dóibh.

17. Trí chreideamh d'ofráil Abrahám Íosác nuair a cuireadh triail air. Bhí sé ullamh a aonmhac a íobairt siúd is go bhfuair sé na gealltanais agus

18. go ndúradh leis: “Is trí Íosác a bheidh sliocht ort.”

19. Óir chreid sé go bhféadfadh Dia Íosác a thógáil ó na mairbh féin. Dá bharr sin, tugadh ar ais dó é - eachtra a raibh brí shamhailteach léi.

20. Trí chreideamh freisin thug Íosác beannacht do Iacób agus do Éasau a thiocfadh i gcrích lá níos sia anonn.

21. Trí chreideamh bheannaigh Iacób, agus é ag fáil bháis, gach ceann de mhic Iósaef, agus chrom anuas os cionn a bhata siúil ag moladh Dé.

22. Trí chreideamh labhair Iósaef, agus é i ndeireadh a shaoil, i dtaobh imeacht chlann Iosrael ón Éigipt agus d ordaigh sé dóibh cad ba cheart dóibh a dhéanamh lena chnámha féin.

23. Trí chreideamh choimeád a thuismitheoirí Maois i bhfolach ar feadh trí mhí nuair a rugadh é. Óir chonaic siad gur bhreá an leanbh é agus níorbh eagal leo ordú an rí.

24. Trí chreideamh níor thoil le Maois, nuair a d'fhás sé suas, go dtabharfaí mac iníon Fhorainn air.

25. Óir b'fhearr leis cruatan a fhulaingt in éineacht le pobal Dé ná só díomuan an pheaca a bheith aige.

26. Chreid sé gur thairbhí dó cur suas le maslaí ar son an Mheisias ná stórtha na hÉigipte a shealbhú mar bhí a shúile ar luach saothair a bhí le teacht.

27. Trí chreideamh d'fhág sé an Éigipt ach ní toisc go raibh eagla air roimh fhearg an rí. Óir bhí an Té dofheicthe os comhair a shúl aige i gcónaí.

28. Trí chreideamh cheiliúir sé an Cháisc agus dhoirt sé an fhuil ionas nach mbainfeadh scriostóir na gcéadghinte le clann Iosrael.

29. Trí chreideamh chuaigh clann Iosrael trasna na Mara Rua faoi mar ba thalamh tirim í, ach nuair a thug na hÉigiptigh faoi bádh iad.

30. Trí chreideamh thit ballaí Ireachó ar lár tar éis iad a bheith á dtimpeallú ar feadh seacht lá.

31. Trí chreideamh níor maraíodh an striapach Rácháb in éineacht leis na díchreidmhigh mar chuir sí fíorchaoin fáilte roimh na spiairí.

32. Agus céard eile céard a déarfaidh mé? Níl mo dhóthain ama agam chun cuntas a thabhairt ar Ghideón, ar Bhárác, ar Shamsón, ar Iaftá, ar Dháiví, ar Shamúéil agus ar na fáithe.

33. Trí chreideamh chuir siad ríochtaí faoi smacht, shaothraigh siad an fhíréantacht, fuair siad a raibh geallta dóibh, dhún siad béil leon,

34. mhúch siad tinte craosacha, d'éalaigh siad slán ó bhéal an chlaímh, d'éirigh siad ó laige go láidreacht, bhí siad cróga sa chath agus chuir siad an ruaig ar shluaite eachtrannach.

35. Fuair mná áirithe a bhfir ar ais ó mhairbh trí aiséirí. Ní ghlacfadh cuid acu lena saoradh agus fuair siad bás agus iad á gcéasadh mar bhí súil acu go n‑aiséireoidís chun beatha níos fearr.

36. D'fhulaing cuid eile fós maslaí agus sciúrsáil, cuibhreacha agus príosún.

37. Gabhadh de chlocha orthu, sábhadh ina dhá leath iad, tástáladh iad agus imríodh anbhás orthu le béal claímh. Théidís timpeall agus éadach de chraicne caorach agus gabhar orthu; bhí siad go beo bocht agus iad á mbuaireamh agus á gcrá de shíor.

38. Rómhaith a bhí siad le fanacht i gcuideachta daoine agus d'imigh siad chun fáin agus chuir siad fúthu i bpluaiseanna agus i bpoill faoin talamh.

39. Ach cé gur tugadh dea-theist ar na daoine seo go léir mar gheall ar a gcreideamh, ní bhfuair siad na maitheasaí a gealladh dóibh.

40. Óir bhí socrú níos fearr ná sin déanta ag Dia ar mhaithe linne. Is amhlaidh nach raibh siadsan le slánú iomlán a fháil ach in éineacht linne.