Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 9:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin shéid an cúigiú haingeal a thrumpa agus chonaic mé réalta a thit chun na talún ó na flaithis agus tugadh dó eochair an phoill duibheagáin.

2. Agus d'oscail sé an poll duibheagáin agus d'éirigh as an bpoll deatach mar dheatach bhéilteach thine agus dhorchaigh an ghrian agus an spéir ó dheatach an phoill.

3. Ansin snigh lócaistí as an deatach ar an talamh agus tugadh dóibh cumhacht mar an gcumhacht atá ag scairpí na talún.

4. Dúradh leo gan dochar a dhéanamh d'fhéar na talún, ná d'aon fhás ná d'aon chrann, ach amháin do na daoine nach raibh séala Dé ar a n‑éadan.

5. Ná níor tugadh de chead dóibh iad a mharú, ach a bheith á bpianadh ar feadh chúig mhí, agus cealg a bpéine mar chealg scairpe nuair a chuireann sí i nduine í.

6. Sna laethanta úd beidh daoine ar lorg an bháis ach gan é a fháil, agus ag tnúth le bás a fháil, ach éalóidh an bás uathu.

7. Ba chuma iad na lócaistí, le féachaint orthu, le capaill feistithe chun catha; ar a gceann bhí coróin mar a bheadh d'ór, agus a gceannaithe mar a bheadh ceannaithe daoine;

8. bhí gruaig orthu mar ghruaig ban, agus fiacla acu mar fhiacla leon.

9. Bhí lúirigh orthu mar lúirigh iarainn, agus bhí torann a sciathán mar a bheadh torann mórán carbad agus a gcapaill ar ruathar chun catha.

10. Tá eireaball orthu cosúil le scairp agus cealg ann; agus is san eireaball atá a gcumhacht chun bheith ag pianadh na ndaoine ar feadh chúig mhí.

11. Tá aingeal an duibheagáin acu mar rí orthu; tugtar Abadón mar ainm air san Eabhráis agus Apolúón [nó Scriostóir] sa Ghréigis.

12. Tá mairg a haon imithe léi. Féach, seo dhá mhairg eile le teacht fós.

13. Ansin shéid an séú haingeal a thrumpa, agus chuala mé an glór ag teacht ó cheithre chorr na haltóra óir a bhí os comhair Dé,

14. agus é á rá leis an séú haingeal a raibh an trumpa aige: “Scaoil na ceithre haingil atá faoi chuibhreacha lámh le habhainn mhór an Eofrataes.”

15. Agus scaoileadh leis na ceithre haingil a bhí ar tinneall socair don uair agus don lá agus don mhí agus don bhliain, chun go maróidís trian an chine dhaonna.

16. Agus ba é líon na ndíormaí marcshlua - chuala mé a líon - dhá oiread deich míle de dheich míle fear.

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 9