Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 4:7-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Is cosúil an chéad dúil bheo le leon agus an dara dúil le damh; tá aghaidh mar aghaidh duine ar an tríú dúil, agus tá an ceathrú dúil cosúil le hiolar ar eitilt.

8. Agus bíonn sé sciatháin ar gach ceann de na ceithre dúile beo, agus iad lán de shúile mórthimpeall agus laistigh; ní théann aon stad orthu de lá ná d'oíche ach ag rá:

9. “Is naofa, naofa, naofa,an Tiarna Dia Uilechumhachtach;an té a bhí ann, atá, agus atá le teacht.”

10. Agus i gcónaí nuair a thugann na dúile glóir agus onóir agus buíochas don té atá ina shuí sa ríchathaoir, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, sléachtann an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an té atá ina shuí sa ríchathaoir, agus adhrann siad an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, agus caitheann a gcorónacha síos os comhair na ríchathaoireach á rá:

11. “A Thiarna agus a Dhia linn, is fiú thú glóir agus onóir agus cumhacht a fháil, óir is tú a chruthaigh an uile ní agus is trí do thoil a tháinig siad ann agus a cruthaíodh iad.”

Léigh chaibidil críochnaithe Apacailipsis (Taispeántadh) 4