1. I bhfianaise Dé agus i bhfianaise Chríost Íosa atá chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, achtaím ort dar a thaibhsiú agus dar a ríocht
2. an briathar a fhógairt ar do dhícheall i dtráth agus in antráth. Bí ag áiteamh, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad.
3. Tá an uair ag teacht nuair nach nglacfaidh daoine a thuilleadh leis an teagasc folláin. Ina ionad sin cruinneoidh siad múinteoirí ina dtimpeall a bheidh chun a dtola agus iad ar bís chun iad a chloisteáil;
4. tabharfaidh siad an chluas bhodhar don fhírinne agus casfaidh siad ar na finscéalta.
5. Ach bíse stuama staidéartha i ngach ní; cuir suas leis an gcruatan, déan do ghnó mar shoiscéalaí, comhlíon do dhualgas.
6. I dtaca liom féin de, táim do mo dhoirteadh amach cheana féin mar a bheadh deoch íobartha agus tá uair na scarúna buailte liom.
7. Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam.