Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Tiomóid 4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Rás Rite ag Pól

1. I bhfianaise Dé agus i bhfianaise Chríost Íosa atá chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, achtaím ort dar a thaibhsiú agus dar a ríocht

2. an briathar a fhógairt ar do dhícheall i dtráth agus in antráth. Bí ag áiteamh, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad.

3. Tá an uair ag teacht nuair nach nglacfaidh daoine a thuilleadh leis an teagasc folláin. Ina ionad sin cruinneoidh siad múinteoirí ina dtimpeall a bheidh chun a dtola agus iad ar bís chun iad a chloisteáil;

4. tabharfaidh siad an chluas bhodhar don fhírinne agus casfaidh siad ar na finscéalta.

5. Ach bíse stuama staidéartha i ngach ní; cuir suas leis an gcruatan, déan do ghnó mar shoiscéalaí, comhlíon do dhualgas.

6. I dtaca liom féin de, táim do mo dhoirteadh amach cheana féin mar a bheadh deoch íobartha agus tá uair na scarúna buailte liom.

7. Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam.

8. Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní ormsa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú.

Comhairleacha Deireanacha

9. Déan do dhícheall teacht chugam go luath.

10. Mar thit Déamas i ngrá leis an saol seo, thréig sé mé agus d'imigh leis go Teasaloinicé. D'imigh Créiscéas go Galait agus Títeas go Dalmait.

11. Níl i mo theannta anois ach Lúcás. Faighse Marcas agus beir leat é, mar ba mhór an chabhair dom é i mo ghnó.

12. Chuir mé Tichiceas chun siúil go hEifeasas.

13. Nuair a bheidh tú ag teacht beir leat an clóca a d'fhág mé ag Carpas i dTróas agus beir leat na leabhair chomh maith, go háirithe na meamraim.

14. Is mór an dochar a rinne Alastar, an gabha copair, dom ach cúiteoidh an Tiarna a ghníomhartha leis.

15. Seachainse tú féin air siúd mar is dian a chuir sé i gcoinne ár dteagaisc.

16. Ag plé mo chúise dom don chéad uair ní raibh duine ar bith a sheas ceart dom; thréig an uile dhuine mé. Nár agraí Dia orthu é.

17. Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n‑éisteodh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin

18. agus saorfaidh an Tiarna mé ó gach olc agus tabharfaidh sé slán chun a ríochta ar neamh mé, moladh go deo leis. Amen.

Beannachtaí

19. Beir beannacht uaim go Priosca agus Acula agus go teaghlach Onaesaforas.

20. D'fhan Earastas i gCorant agus d'fhág mé Troifimeas i Miléatas de bhrí go raibh sé breoite.

21. Déan do dhícheall teacht roimh an ngeimhreadh. Cuireann Eubúlas agus Púdaes agus Líonas agus Clóide agus na bráithre ar fad a mbeannacht chugat.

22. Go raibh an Tiarna Íosa leat. Grásta go raibh agaibh.