Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Corantaigh 8:7-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Agus ós rud é go bhfuil flúirse den uile shórt agaibh, flúirse den chreideamh, den líofacht, den eolas, den uile dhíograis agus den ghrá a d'fhoghlaim sibh uainne, bígí flaithiúil sa charthanacht seo chomh maith.

8. Ní ag tabhairt orduithe daoibh atáim ach ag iarraidh dáiríre bhur ngrá a mheas de réir dhíograis daoine eile.

9. Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d'fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan.

10. Tá comhairle agam, áfach, le tabhairt daoibh sa ghnó seo, comhairle bhur leasa, mar ní hé amháin gur sibhse na chéad daoine a thosaigh ar an ngnó seo a chur i ngníomh bliain ó shin ach bhí sibh ar na chéad daoine a bheartaigh é.

11. Tugaigí an gnó chun críche anois agus bígí chomh fonnmhar céanna á chríochnú de réir bhur ngustail agus a bhí sibh á bheartú.

12. Má bhíonn an dea-thoil ann beifear sásta leis an duine a thugann de réir a acmhainne agus gan dul thar a acmhainn,

13. mar ní gá daoibh sibh féin a chreachadh ag fóirithint ar dhaoine eile.

14. Níl ann ach ceist cothroime: an fuílleach atá agaibhse i láthair na huaire, coinneoidh sé riar a gcáis leo siúd: agus an fuílleach a bheidh acu sin coinneoidh sé riar bhur gcáis libhse ar ball, agus sa tslí sin beidh cothrom ann

15. de réir mar atá scríofa: “An té a chnuasaigh mórán, ní raibh an iomarca aige, agus an té a chnuasaigh beagán, ní raibh easnamh air.”

16. Míle buíochas le Dia a chuir an díograis chéanna chun cabhraithe libh i gcroí Thíteas.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Corantaigh 8