Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Corantaigh 8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Flaithiúlacht Chríostaí

1. Ba mhaith liom fios a thabhairt anois daoibh, a bhráithre, ar an ngrásta atá bronnta ag Dia ar eaglaisí na Macadóine.

2. Cé gur promhadh go dian san anró iad, tá siad lán d'áthas, agus d'ainneoin iad a bheith beo bocht is iad croí na féile iad.

3. Thug siad uathu de réir a n‑acmhainne, ní hea, ar m'anam, ach thar a n‑acmhainn; agus dá ndeoin féin

4. d'impigh siad orainn go bog agus go crua ligean dóibh bheith páirteach sa ghar seo atá á dhéanamh do na naoimh.

5. Agus, rud nach raibh aon súil againn leis, thug siad suas iad féin ar dtús don Tiarna agus dúinne ina dhiaidh sin de dheonú Dé.

6. Sin é an fáth gur mholamar do Thíteas an gnó carthanachta seo a thabhairt chun críche in bhur measc ó ba é a chuir tús leis.

7. Agus ós rud é go bhfuil flúirse den uile shórt agaibh, flúirse den chreideamh, den líofacht, den eolas, den uile dhíograis agus den ghrá a d'fhoghlaim sibh uainne, bígí flaithiúil sa charthanacht seo chomh maith.

8. Ní ag tabhairt orduithe daoibh atáim ach ag iarraidh dáiríre bhur ngrá a mheas de réir dhíograis daoine eile.

9. Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d'fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan.

10. Tá comhairle agam, áfach, le tabhairt daoibh sa ghnó seo, comhairle bhur leasa, mar ní hé amháin gur sibhse na chéad daoine a thosaigh ar an ngnó seo a chur i ngníomh bliain ó shin ach bhí sibh ar na chéad daoine a bheartaigh é.

11. Tugaigí an gnó chun críche anois agus bígí chomh fonnmhar céanna á chríochnú de réir bhur ngustail agus a bhí sibh á bheartú.

12. Má bhíonn an dea-thoil ann beifear sásta leis an duine a thugann de réir a acmhainne agus gan dul thar a acmhainn,

13. mar ní gá daoibh sibh féin a chreachadh ag fóirithint ar dhaoine eile.

14. Níl ann ach ceist cothroime: an fuílleach atá agaibhse i láthair na huaire, coinneoidh sé riar a gcáis leo siúd: agus an fuílleach a bheidh acu sin coinneoidh sé riar bhur gcáis libhse ar ball, agus sa tslí sin beidh cothrom ann

15. de réir mar atá scríofa: “An té a chnuasaigh mórán, ní raibh an iomarca aige, agus an té a chnuasaigh beagán, ní raibh easnamh air.”

Títeas agus a Chompánaigh

16. Míle buíochas le Dia a chuir an díograis chéanna chun cabhraithe libh i gcroí Thíteas.

17. Ní hé amháin gur aontaigh sé le m'achainíse ach bhí sé chomh díograiseach sin go ndeachaigh sé ag triall oraibh dá dheoin féin.

18. Agus chuireamar lena chois an bráthair úd a bhfuil moladh air mar shoiscéalaí ar fud na n‑eaglaisí go léir.

19. Agus ní amháin sin, ach is é atá tofa ag na heaglaisí ina chompánach aistir agamsa sa bheartas carthanachta seo atá idir lámha againn ar son glóire an Tiarna agus d'fhonn ár ndíograis a thaispeáint.

20. Táimid ar ár n‑aire, áfach, nach mbeidh gearán ag duine ar bith orainn faoin gciste fial seo atá faoinár gcúram.

21. Mar is é ár n‑aidhm an rud ceart a dhéanamh ní amháin i bhfianaise an Tiarna ach i bhfianaise daoine chomh maith.

22. Agus chuireamar bráthair dár gcuid lena gcois, fear a bhfuil a dhíograis tástáilte againn go mion minic agus gur díograisí ná riamh anois é le méid na hiontaoibhe atá aige asaibhse.

23. Maidir le Títeas, is páirtí liom féin é agus cúntóir chun freastail oraibhse. Agus i dtaca lenár mbráithre de, is teachtaí ó na heaglaisí iad agus is creidiúint iad do Chríost.

24. Taispeánaigí, dá bhrí sin, i bhfianaise na n‑eaglaisí go bhfuil grá agaibh dóibh agus nach miste dúinne bheith bródúil asaibh.