Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Corantaigh 6:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ag obair dúinn i gcomhar leis impímid oraibh gan an grásta a fuair sibh uaidh a chur amú.

2. Mar is é a deir sé:“Ar uair na faille thug mé cluas duit;ar lá an tslánaithe tháinig mé i gcabhair ort.”Is í seo, féach, uair na faille; inniu lá an tslánaithe.

3. Le heagla go mbeifí ag lochtú ár gcuid seirbhíse, ní chuirimid ceap tuisle sa bhealach ar aon duine,

4. ach cruthaimid, in gach cor dár saol, gur searbhóntaí Dé sinn, ag cur suas go foighneach le hanacair agus le cruatan agus le hanró;

5. le sciúrsáil, le braighdeanas agus le círéib; le diansaothar, le heaspa codlata agus le hocras.

6. Cruthaímid freisin é le hionracas, le heolas, le seasmhacht agus le cineáltas; leis an Spiorad Naomh, le grá dílis,

7. le fógairt na fírinne agus le cumhacht Dé; bíonn an fhíréantacht ina harm cosanta agus ina harm ionsaithe againn;

8. bíonn meas orainn agus drochmheas, clú agus míchlú. Bíonn ainm na bréige orainn cé go bhfuilimid fíor.

9. Is daoine anaithnide sinn a bhfuil aithne ag an saol mór orainn, bímid in ainm bheith i mbéal báis agus féach sinn go beo beathach; bímid in ainm bheith dár smachtú ach nílimid tugtha suas chun báis.

10. Tá ainm an bhróin orainn agus sinn i gcónaí lúcháireach; tá ainm an bhochtanais orainn agus sinn ag saibhriú na sluaite; tá ainm an dealúis orainn agus an uile ní inár seilbh againn.

11. Tá labhartha againn go hoscailte libh, a mhuintir Choraint; tá ár gcroí ar leathadh romhaibh

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Corantaigh 6