Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Corantaigh 6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ag obair dúinn i gcomhar leis impímid oraibh gan an grásta a fuair sibh uaidh a chur amú.

2. Mar is é a deir sé:“Ar uair na faille thug mé cluas duit;ar lá an tslánaithe tháinig mé i gcabhair ort.”Is í seo, féach, uair na faille; inniu lá an tslánaithe.

3. Le heagla go mbeifí ag lochtú ár gcuid seirbhíse, ní chuirimid ceap tuisle sa bhealach ar aon duine,

4. ach cruthaimid, in gach cor dár saol, gur searbhóntaí Dé sinn, ag cur suas go foighneach le hanacair agus le cruatan agus le hanró;

5. le sciúrsáil, le braighdeanas agus le círéib; le diansaothar, le heaspa codlata agus le hocras.

6. Cruthaímid freisin é le hionracas, le heolas, le seasmhacht agus le cineáltas; leis an Spiorad Naomh, le grá dílis,

7. le fógairt na fírinne agus le cumhacht Dé; bíonn an fhíréantacht ina harm cosanta agus ina harm ionsaithe againn;

8. bíonn meas orainn agus drochmheas, clú agus míchlú. Bíonn ainm na bréige orainn cé go bhfuilimid fíor.

9. Is daoine anaithnide sinn a bhfuil aithne ag an saol mór orainn, bímid in ainm bheith i mbéal báis agus féach sinn go beo beathach; bímid in ainm bheith dár smachtú ach nílimid tugtha suas chun báis.

10. Tá ainm an bhróin orainn agus sinn i gcónaí lúcháireach; tá ainm an bhochtanais orainn agus sinn ag saibhriú na sluaite; tá ainm an dealúis orainn agus an uile ní inár seilbh againn.

11. Tá labhartha againn go hoscailte libh, a mhuintir Choraint; tá ár gcroí ar leathadh romhaibh

12. agus gan aon easpa slí ann daoibh. In bhur gcroí féin atá an chúngracht.

13. Díolaigí an comhar linn, a chlann ó, agus bígí chomh hoscailte céanna.

Teampall an Dé Bheo

14. Ná téigí i bpáirtíocht éagothrom le díchreidmhigh. Cén pháirt atá ag an bhfíréantacht leis an urchóid? Cén bhaint atá ag an solas leis an dorchadas?

15. Cén cumann atá ag Críost le Beiliar? Cén chuid atá ag an gcreidmheach leis an díchreidmheach?

16. Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is teampall Dé bheo sinne, de réir mar atá ráite ag Dia féin:“Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc,beidh mé i mo Dhia acuagus beidh siadsan ina bpobal agamsa.

17. Imígí as a measc, dá bhrí sin,agus scaraigí leo; ná bainigí le rud neamhghlanagus beidh fáilte agamsa romhaibh.

18. Beidh mé i m'athair agaibhagus beidh sibhse in bhur gclann mhac agus iníonacha agamsa,arsa an Tiarna uilechumhachtach.”