Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Peadar 2:11-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. A chairde cléibh, impím oraibh, mar choimhthígh agus mar dheoraithe, staonadh ó ainmhianta na colainne a bhíonn ag cogaíocht leis an anam.

12. Bíodh bhur n‑iompar i measc na ngintlithe gan cháim, i dtreo, má cháineann siad anois sibh mar lucht míghníomhartha, go bhfeicfidh siad bhur ndea-oibreacha agus go molfaidh siad Dia dá gcionn ar lá an fhiosraithe.

13. Bígí géilliúil do gach foras daonna ar son an Tiarna, más don impire é de bharr a cheannasaíochta,

14. más do ghobharnóirí é, de bharr gur sheol seisean iad le coirpigh a phionósú agus le lucht dea-bheart a mholadh.

15. Mar is é toil Dé é go ndéanfaidh sibh aineolas daoine baotha a chur ina thost leis na bearta fónta a dhéanann sibh.

16. Déanaigí sibh féin a iompar mar shaoráin, gan an tsaoirse a bheith mar bhrat ar an olc agaibh, ach sibh a mhaireachtáil mar a bheadh daoráin Dé.

17. Tugaigí onóir do chách; bíodh grá agaibh don bhráithreacht; bíodh eagla oraibh roimh Dhia agus bíodh ómós agaibh don impire.

18. A sheirbhíseacha, bígí umhal do bhur máistrí, le barr urraime, agus ní dóibh siúd atá caoin cneasta amháin é ach don mhuintir gharg chomh maith.

19. Óir is é a thuilleann gnaoi, má iompraíonn duine pianta ag fulaingt go héagórach ach Dia os comhair a aigne aige.

20. Cén chreidiúint é má dhéanann sibh rud as an tslí agus go n‑iompraíonn sibh bhur bpionós le foighne? Ach má dhéanann sibh an mhaith agus go bhfulaingíonn sibh dá bharr le foighne, tuilleann sin gnaoi Dé.

21. Óir is chuige seo a gairmeadh sibh, mar gur fhulaing Críost féin ar bhur son, agus gur fhág sé sampla agaibh le go leanfadh sibh a lorg.

22. Ní dhearna seisean aon pheaca, ná ní bhfuarthas aon chealg ina bhéal.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Peadar 2