Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Peadar 2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An tSagartacht Nua

1. Caithigí i leataobh uaibh, más ea, gach mailís agus calaois, gach cur i gcéill, gach formad, agus gach tromaíocht.

2. Dála naíonán nuabheirthe, bíodh cíocras oraibh chun an fhíorbhainne spioradálta ionas go bhfásfaidh sibh dá thairbhe chun an tslánaithe,

3. más é gur bhlais sibh gur caoin é an Tiarna.

4. Druidigí ina aice, os é an chloch bheo é dár dhiúltaigh daoine, ach ar tofa luachmhar i láthair Dé í;

5. agus tógtar sibhse féin, faoi mar ba bheochlocha sibh, in bhur n‑áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost.

6. Uime sin tá seo sa scrioptúr:“Féach, tá cloch á leagan agam i Síón,cloch chúinne thofa luachmhar.An té a chreidfidh inti, ní chuirfear díomá air.”

7. Daoibhse dá bhrí sin a chreideann, is luachmhar í, ach dóibh siúd nach gcreideann: “An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh ceann an chúinne di,”

8. agus “ceap tuisle agus carraig scannail.” Baintear tuisle astu mar nach ngéilleann siad don bhriathar; agus is mar sin a bhí ceaptha dóibh.

9. Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.

10. Níor phobal sibh tráth, ach anois is pobal Dé sibh; níor bhain a thrócaire libh tráth, ach anois tá bainte aici libh.

Dualgais an Chríostaí

11. A chairde cléibh, impím oraibh, mar choimhthígh agus mar dheoraithe, staonadh ó ainmhianta na colainne a bhíonn ag cogaíocht leis an anam.

12. Bíodh bhur n‑iompar i measc na ngintlithe gan cháim, i dtreo, má cháineann siad anois sibh mar lucht míghníomhartha, go bhfeicfidh siad bhur ndea-oibreacha agus go molfaidh siad Dia dá gcionn ar lá an fhiosraithe.

13. Bígí géilliúil do gach foras daonna ar son an Tiarna, más don impire é de bharr a cheannasaíochta,

14. más do ghobharnóirí é, de bharr gur sheol seisean iad le coirpigh a phionósú agus le lucht dea-bheart a mholadh.

15. Mar is é toil Dé é go ndéanfaidh sibh aineolas daoine baotha a chur ina thost leis na bearta fónta a dhéanann sibh.

16. Déanaigí sibh féin a iompar mar shaoráin, gan an tsaoirse a bheith mar bhrat ar an olc agaibh, ach sibh a mhaireachtáil mar a bheadh daoráin Dé.

17. Tugaigí onóir do chách; bíodh grá agaibh don bhráithreacht; bíodh eagla oraibh roimh Dhia agus bíodh ómós agaibh don impire.

18. A sheirbhíseacha, bígí umhal do bhur máistrí, le barr urraime, agus ní dóibh siúd atá caoin cneasta amháin é ach don mhuintir gharg chomh maith.

19. Óir is é a thuilleann gnaoi, má iompraíonn duine pianta ag fulaingt go héagórach ach Dia os comhair a aigne aige.

20. Cén chreidiúint é má dhéanann sibh rud as an tslí agus go n‑iompraíonn sibh bhur bpionós le foighne? Ach má dhéanann sibh an mhaith agus go bhfulaingíonn sibh dá bharr le foighne, tuilleann sin gnaoi Dé.

21. Óir is chuige seo a gairmeadh sibh, mar gur fhulaing Críost féin ar bhur son, agus gur fhág sé sampla agaibh le go leanfadh sibh a lorg.

22. Ní dhearna seisean aon pheaca, ná ní bhfuarthas aon chealg ina bhéal.

23. Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach d'fhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir.

24. D'iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d'fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh.

25. Bhí sibh mar chaoirigh ar seachrán, ach tá fillte ar ais agaibh ar aoire agus ar chaomhnóir bhur n‑anama.