Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Eoin 5:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Gach duine a chreideann gurb é Íosa an Críost is ó Dhia a gineadh é, agus gach duine a thugann grá don té a ghin tugann grá fós don té a gineadh.

2. Is mar seo is feasach dúinn go dtugaimid grá do chlann Dé, nuair a thugaimid grá do Dhia agus nuair a chomhlíonaimid a aitheanta.

3. Mar gurb é seo grá Dé, comhlíonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta.

4. Óir gach a ghintear ó Dhia sáraíonn sé an saol agus is í an chaithréim a sháraíonn an saol, ár gcreideamh.

5. Cé sháraíonn an saol murab é an té a chreideann gurb é Íosa Mac Dé?

6. Sé Íosa Críost an té a tháinig le huisce agus le fuil agus leis an Spiorad. Ní leis an uisce amháin ach leis an uisce agus leis an bhfuil; agus tá an Spiorad ag tabhairt fianaise, mar gurb í an fhírinne an Spiorad.

7. Tá triúr ann a thugann fianaise (ar neamh, an tAthair, an Briathar, agus an Spiorad Naomh; agus is aon an Triúr. Agus tá triúr a thugann fianaise ar talamh:)

8. an Spiorad agus an t‑uisce agus an fhuil, agus tá an triúr ar aon fhocal.

9. Má ghlacaimidne le fianaise dhaonna is treise arís fianaise Dé; agus is é seo fianaise Dé gur thug sé teastas gurb é a Mhac é.

10. An té a chreideann i Mac Dé tá an teastas sin aige ina chroí istigh; an té nach gcreideann i nDia, bréagnaíonn é mar nach gcreideann sé an teastas a thug Dia ar a Mhac féin.

11. Seo é brí na fianaise, gur thug Dia an bheatha shíoraí dúinn agus is ina Mhac atá an bheatha sin.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Eoin 5