Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Eoin 5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Creideamh Bunchloch na Carthanachta

1. Gach duine a chreideann gurb é Íosa an Críost is ó Dhia a gineadh é, agus gach duine a thugann grá don té a ghin tugann grá fós don té a gineadh.

2. Is mar seo is feasach dúinn go dtugaimid grá do chlann Dé, nuair a thugaimid grá do Dhia agus nuair a chomhlíonaimid a aitheanta.

3. Mar gurb é seo grá Dé, comhlíonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta.

4. Óir gach a ghintear ó Dhia sáraíonn sé an saol agus is í an chaithréim a sháraíonn an saol, ár gcreideamh.

5. Cé sháraíonn an saol murab é an té a chreideann gurb é Íosa Mac Dé?

6. Sé Íosa Críost an té a tháinig le huisce agus le fuil agus leis an Spiorad. Ní leis an uisce amháin ach leis an uisce agus leis an bhfuil; agus tá an Spiorad ag tabhairt fianaise, mar gurb í an fhírinne an Spiorad.

7. Tá triúr ann a thugann fianaise (ar neamh, an tAthair, an Briathar, agus an Spiorad Naomh; agus is aon an Triúr. Agus tá triúr a thugann fianaise ar talamh:)

8. an Spiorad agus an t‑uisce agus an fhuil, agus tá an triúr ar aon fhocal.

9. Má ghlacaimidne le fianaise dhaonna is treise arís fianaise Dé; agus is é seo fianaise Dé gur thug sé teastas gurb é a Mhac é.

10. An té a chreideann i Mac Dé tá an teastas sin aige ina chroí istigh; an té nach gcreideann i nDia, bréagnaíonn é mar nach gcreideann sé an teastas a thug Dia ar a Mhac féin.

11. Seo é brí na fianaise, gur thug Dia an bheatha shíoraí dúinn agus is ina Mhac atá an bheatha sin.

12. An té a bhfuil an Mac aige, tá an bheatha aige; an té nach bhfuil Mac Dé aige, níl an bheatha aige.

13. Scríobh mé na nithe seo chugaibh go mbeadh fhios agaibh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibhse a chreideann in ainm Mhic Dé.

14. Agus seo í an mhuinín atá againn ina leith, cibé céard a agraímid air de réir a thola go n‑éisteann linn.

15. Agus más eol dúinn go n‑éisteann sé le cibé céard a agraímid air, tuigimid go bhfaighimid cinnte na hachainíocha a d'iarramar air.

16. Má airíonn éinne a bhráthair ag déanamh peaca nach peaca chun báis é, cuireadh sé an duine sin faoi bhrí na guí agus tabharfaidh [Dia] dó an bheatha don dream nach peaca chun báis a bpeaca. Tá peaca ann ar peaca chun báis é; ní faoina leithéid sin a mholaim an ghuí a dhéanamh.

17. Is peaca gach éagóir, ach tá peaca ann nach peaca chun báis.

18. Tá fhios againn nach ndéanann aon duine dá bhfuil ginte ó Dhia aon pheaca mar go gcumhdaíonn an té a gineadh ó Dhia é agus ní thig leis an mac mallachta baint leis.

19. Is feasach dúinne gur ó Dhia sinn agus go bhfuil an saol le chéile faoi thionchar an diabhail.

20. Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n‑aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.

21. Eisean an fíorDhia agus an bheatha shíoraí. A chlann liom, seachnaígí sibh féin ar na híola.