Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 7:25-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. Maidir le maighdeana, níl aon ordú agam ón Tiarna; tá mo thuairim féin agam le tabhairt daoibh, áfach, mar dhuine atá iontaofa de bharr thrócaire an Tiarna.

26. Is é is dóigh liomsa, mar gheall ar strus na huaire, go mb'fhearr do dhuine fanacht mar atá sé.

27. Má tá tú ceangailte le bean, ná bí ag lorg do scaoilte; má tá tú scaoilte ó bhean, ná bí ag iarraidh bean a phósadh.

28. Má phósann tú, áfach, ní aon pheaca duit é agus má phósann cailín óg ní aon pheaca dise é. Beidh anró an tsaoil ar a leithéidí áfach agus ba mhaith liom sibh a shábháil air sin.

29. Is é atáim a rá libh, a bhráithre, go bhfuil an uain dulta i ngiorracht; dá chionn sin, iad seo a bhfuil bean acu, bídís ar chuma daoine nach mbeadh aon bhean acu;

30. bíodh lucht an ghoil faoi mar nach mbeidís ag gol, agus bíodh lucht na lúcháire faoi mar nach mbeidís ag déanamh lúcháire.

31. Iad sin a bhíonn ag ceannach, bídís ar chuma daoine nach mbeadh dada ina seilbh acu; agus iad siúd a bhíonn ag gabháil do ghnóthaí an tsaoil ná bídís gafa iontu, mar tá dreach an tsaoil seo ag síothlú.

32. Is amhlaidh ba mhaith liom sibh a bheith saor ó imní. Bíonn an fear singil buartha faoi ghnóthaí an Tiarna ag iarraidh an Tiarna a shásamh;

33. ach bíonn an fear pósta buartha faoi ghnóthaí an tsaoil ag iarraidh a bhean a shásamh, rud a fhágann é i ngalar na gcás.

34. Ar an gcuma chéanna bíonn an bhean singil nó an cailin óg buartha faoi chúrsaí an Tiarna d'fhonn a bheith naofa idir chorp agus anam; ach bíonn an bhean phósta buartha faoi chúrsaí an tsaoil ag iarraidh a fear a shásamh.

35. Is ar mhaithe libh a deirim an méid seo, agus ní ag iarraidh laincis a chur oraibh atáim, ach le go mbeadh gach ní ina cheart, agus go bhfónfadh sibh don Tiarna gan cur isteach ná amach oraibh.

36. Más dóigh le duine nach bhfuil sé ag déanamh mar is cuí le hiníon leis agus í go maith in aois a pósta agus gan aon réiteach eile aige air, déanadh sé mar is áil leis; pósaidís agus ní haon pheaca dó é.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 7