Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 7:24-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Dá réir sin, a bhráithre, fanadh gach duine i bhfianaise Dé mar a bhí sé nuair a fuair sé an glao.

25. Maidir le maighdeana, níl aon ordú agam ón Tiarna; tá mo thuairim féin agam le tabhairt daoibh, áfach, mar dhuine atá iontaofa de bharr thrócaire an Tiarna.

26. Is é is dóigh liomsa, mar gheall ar strus na huaire, go mb'fhearr do dhuine fanacht mar atá sé.

27. Má tá tú ceangailte le bean, ná bí ag lorg do scaoilte; má tá tú scaoilte ó bhean, ná bí ag iarraidh bean a phósadh.

28. Má phósann tú, áfach, ní aon pheaca duit é agus má phósann cailín óg ní aon pheaca dise é. Beidh anró an tsaoil ar a leithéidí áfach agus ba mhaith liom sibh a shábháil air sin.

29. Is é atáim a rá libh, a bhráithre, go bhfuil an uain dulta i ngiorracht; dá chionn sin, iad seo a bhfuil bean acu, bídís ar chuma daoine nach mbeadh aon bhean acu;

30. bíodh lucht an ghoil faoi mar nach mbeidís ag gol, agus bíodh lucht na lúcháire faoi mar nach mbeidís ag déanamh lúcháire.

31. Iad sin a bhíonn ag ceannach, bídís ar chuma daoine nach mbeadh dada ina seilbh acu; agus iad siúd a bhíonn ag gabháil do ghnóthaí an tsaoil ná bídís gafa iontu, mar tá dreach an tsaoil seo ag síothlú.

32. Is amhlaidh ba mhaith liom sibh a bheith saor ó imní. Bíonn an fear singil buartha faoi ghnóthaí an Tiarna ag iarraidh an Tiarna a shásamh;

33. ach bíonn an fear pósta buartha faoi ghnóthaí an tsaoil ag iarraidh a bhean a shásamh, rud a fhágann é i ngalar na gcás.

34. Ar an gcuma chéanna bíonn an bhean singil nó an cailin óg buartha faoi chúrsaí an Tiarna d'fhonn a bheith naofa idir chorp agus anam; ach bíonn an bhean phósta buartha faoi chúrsaí an tsaoil ag iarraidh a fear a shásamh.

35. Is ar mhaithe libh a deirim an méid seo, agus ní ag iarraidh laincis a chur oraibh atáim, ach le go mbeadh gach ní ina cheart, agus go bhfónfadh sibh don Tiarna gan cur isteach ná amach oraibh.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 7