Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 14:26-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. Cad atá le déanamh mar sin, a bhráithre? Tá, nuair a thagann sibh i gceann a chéile bíonn ag gach duine salm nó teagasc nó foilsiú nó caint i dteanga nó míniú ar an gcaint sin; ach bíodh gach ní acu ag treisiú leis an gcomhluadar.

27. Má dhéantar caint i dteanga, ná labhraíodh ach beirt nó triúr ar a mhéad, gach duine acu ar a sheal féin agus bíodh duine amháin ag míniú na cainte.

28. Más rud é nach mbíonn aon duine ann a mhíneodh an chaint, fanadh gach duine ina thost san eaglais agus bíodh an chaint idir é féin agus Dia.

29. Maidir leis na fáithe, ná labhraíodh thar beirt nó triúr agus déanadh an chuid eile a gcaint a mheas.

30. Ach má fhaigheann duine eile foilsiú agus é ina shuí, bíodh an chéad duine ina thost;

31. mar tá cead fáidheoireachta agaibh go léir, ach é a dhéanamh duine ar dhuine ar shlí go mbeidh sibh go léir ag foghlaim agus ag fáil spreagadh.

32. Tá tíolacthaí spioradálta na bhfáithe faoi stiúir na bhfáithe féin,

33. mar ní Dia an imris é Dia ach Dia na síochána.Mar is gnách in eaglaisí uile na naomh,

34. fanadh na mná ina dtost sna heaglaisí. Níl aon chead labhartha acu ach iad a bheith faoi smacht mar a deirtear sa dlí.

35. Más áil leo fios aon ní a fháil, cuiridís ceist ar a bhfear sa bhaile, mar is náireach an mhaise do bhean labhairt in eaglais.

36. An amach uaibhse a tháinig briathar Dé? nó an chugaibhse amháin a tháinig sé?

37. Más dóigh le haon duine gur fáidh nó duine spioradálta é féin, tuigeadh sé gur aithne ón Tiarna na nithe atá á scríobh agam.

38. Má bhíonn duine ainbhiosach, beifear ainbhiosach air.

39. Bíodh dúil agaibh san fháidheoireacht, dá bhrí sin, a bhráithre, agus ná coiscigí labhairt i dteangacha.

40. Ach déantar gach ní go cuí agus de réir oird.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 14