Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 14:21-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Tá scríofa sa dlí: “Labhróidh mé leis an bpobal seo,” arsa an Tiarna, “trí bhéal na n‑allúrach agus trí bheola na n‑eachtrannach, ach ní éisteoidh siad liom ar a shon sin.”

22. Dá réir sin is comhartha na teangacha, ní do na creidmhigh ach do na díchreidmhigh; ach is do na creidmhigh is comhartha an fháidheoireacht agus ní do na díchreidmhigh.

23. Cuirim i gcás má bhíonn an eaglais cruinnithe i gceann a chéile agus iad go léir ag labhairt i dteangacha agus go dtagann tuataí nó díchreidmhigh isteach, nach é a déarfaidh siad gur as bhur meabhair atá sibh?

24. Más ag tabhairt tairngreachta a bhíonn siad go léir, áfach, agus díchreidmheach nó tuata a theacht isteach, is amhlaidh a bheidh sé á chiontú ag gach duine agus á mheas ag gach duine.

25. Nochtfar rúin a chroí agus caithfidh sé é féin ar a bhéal ag déanamh ómóis do Dhia agus ag fógairt go bhfuil Dia in bhur measc dáiríre.

26. Cad atá le déanamh mar sin, a bhráithre? Tá, nuair a thagann sibh i gceann a chéile bíonn ag gach duine salm nó teagasc nó foilsiú nó caint i dteanga nó míniú ar an gcaint sin; ach bíodh gach ní acu ag treisiú leis an gcomhluadar.

27. Má dhéantar caint i dteanga, ná labhraíodh ach beirt nó triúr ar a mhéad, gach duine acu ar a sheal féin agus bíodh duine amháin ag míniú na cainte.

28. Más rud é nach mbíonn aon duine ann a mhíneodh an chaint, fanadh gach duine ina thost san eaglais agus bíodh an chaint idir é féin agus Dia.

29. Maidir leis na fáithe, ná labhraíodh thar beirt nó triúr agus déanadh an chuid eile a gcaint a mheas.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 14