Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 14:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Saothraígí an grá mar sin ach bíodh dúil agaibh sna tíolacthaí spioradálta chomh maith agus go mór mór san fháidheoireacht.

2. Mar an té a labhraíonn i dteanga, ní le daoine a bhíonn sé ag labhairt ach le Dia, mar nach dtuigeann duine ar bith é ach é ag trácht faoi anáil an Spioraid ar nithe rúnda.

3. An té a thugann tairngreacht, áfach, is ag labhairt le daoine a bhíonn sé, á neartú, á spreagadh agus á misniú.

4. An té a labhraíonn i dteanga is leis féin amháin a threisíonn sé, ach an té a thugann tairngreacht bíonn sé ag treisiú leis an eaglais.

5. Ba mhaith liom sibh go léir a bheith ag labhairt i dteangacha, ach b'fhearr liom go dtabharfadh sibh tairngreacht, mar is éifeachtaí an fáidh ná fear na dteangacha a labhairt mura ndéanann duine éigin a chuid cainte sin a mhíniú d'fhonn treisiú leis an eaglais.

6. Cuirim i gcás, a bhráithre, go dtagaimse chugaibh ag labhairt i dteangacha, cén tairbhe daoibh mé mura mbíonn foilsiú éigin nó eolas nó tairngreacht nó teagasc éigin agam le tabhairt daoibh?

7. Na huirlisí ceoil féin, nithe neamhbheo ar nós na feadóige agus na cruite, mura mbíonn dealú idir na nótaí iontu, conas a aithneofar a mbeidh á sheinm orthu?

8. Agus má thugann an stoc uaidh glór éiginnte, cé a ullmhóidh é féin chun catha?

9. Sibhse mar an gcéanna, mura labhraíonn sibh go soiléir sa teanga, conas a thuigfear a mbeidh á rá? Ag caint san aer a bheidh sibh.

10. Is iomaí sin teanga difriúil sa domhan agus gan aon cheann acu gan bhrí.

11. Ach mura dtuigimse ciall na cainte beidh mé i mo choimhthíoch don chainteoir agus beidh an cainteoir ina choimhthíoch domsa.

12. Sibhse mar an gcéanna: ó tá dúil agaibh i dtíolacthaí an Spioraid, bíodh tóir agaibh ar an tosaíocht a bheith agaibh ag treisiú leis an eaglais.

13. An té a labhraíonn i dteanga, mar sin, bíodh sé ag guí go ndéanfaidh duine éigin a chaint a mhíniú.

14. Má dhéanaimse guí i dteanga is é mo spiorad a bhíonn ag guí ach bíonn m'intleacht seasc.

15. Cad atá le déanamh mar sin? Tá, go ndéanfaidh mé guí le mo spiorad ach go ndéanfaidh mé guí le m'intleacht chomh maith. Canfaidh mé le mo spiorad ach canfaidh mé le m'intleacht chomh maith.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 14