Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 10:7-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Ná bígí ag adhradh déithe bréige, más ea, faoi mar a bhí cuid acu siúd de réir mar atá scríofa: “Shuigh an pobal seo fúthu ag ithe agus ag ól agus d'éirigh siad suas chun spóirt.”

8. Agus ná déanaimis drúise faoi mar a rinne cuid acu siúd nó gur thit in aon lá amháin trí mhíle ar fhichid acu.

9. Ná cuirimis triail ar an Tiarna faoi mar a rinne cuid acu siúd nó gur mharaigh na nathracha nimhe iad.

10. Agus ná déanaigí monabhar mar a rinne cuid acu sin monabhar gur scrios an scriosadóir iad.

11. Tharla na nithe sin dóibh mar shampla dúinne agus scríobhadh iad mar rabhadh dúinne ar ar tháinig críoch na n‑aoiseanna.

12. Dá réir sin an té ar dóigh leis go bhfuil sé ina sheasamh, tugadh sé aire ar eagla go dtitfeadh sé.

13. Níor rug aon triail oraibh go dtí seo a bhí thar chumas an duine. Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n‑achmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán.

14. Dá chionn sin, a chairde ionúine, seachnaígí an t‑íoladhradh.

15. Ós ag caint le daoine stuama atáim, breithnígí féin a bhfuil agam á rá:

16. Cupa an altaithe a bheannaímid, nach páirtíocht i bhfuil Chríost é? Agus an t‑arán a bhrisimid nach páirtiocht i gcorp Chríost é?

17. Ós aon arán amháin é, níl ionainne dá líonmhaire sinn ach aon chorp amháin toisc go gcaithimid go léir an t‑aon arán amháin.

18. Breathnaígí Iosrael na staire: an chuid acu a chaitheann an bia íobartha nach mbíonn siad páirteach san altóir?

19. Céard atá i gceist agam? Go bhfuil brí ar bith leis an mbia a ofráiltear d'íola nó go bhfuil brí ar bith leis an íol?

20. Ní hea go deimhin; ach toisc gur do dheamhain agus nach do Dhia a ofrálann na págánaigh a gcuid íobairtí, níor mhaith liom go mbeadh aon pháirt agaibhse leis na deamhain sin.

21. Ní féidir daoibh cupa an Tiarna a ól agus cupa na ndeamhan a ól chomh maith. Ní féidir daoibh suí chun bord an Tiarna agus suí chun bord na ndeamhan chomh maith.

22. An ag griogadh an Tiarna chun éada atáimid? Nó an amhlaidh is treise sinn ná é?

23. “Tá gach ní ceadaithe.” Tá, ach ní hé gach ní a théann chun sochair. Tá gach ní ceadaithe ach níl gach ní fóinteach.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 10