Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 10:13-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Níor rug aon triail oraibh go dtí seo a bhí thar chumas an duine. Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n‑achmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán.

14. Dá chionn sin, a chairde ionúine, seachnaígí an t‑íoladhradh.

15. Ós ag caint le daoine stuama atáim, breithnígí féin a bhfuil agam á rá:

16. Cupa an altaithe a bheannaímid, nach páirtíocht i bhfuil Chríost é? Agus an t‑arán a bhrisimid nach páirtiocht i gcorp Chríost é?

17. Ós aon arán amháin é, níl ionainne dá líonmhaire sinn ach aon chorp amháin toisc go gcaithimid go léir an t‑aon arán amháin.

18. Breathnaígí Iosrael na staire: an chuid acu a chaitheann an bia íobartha nach mbíonn siad páirteach san altóir?

19. Céard atá i gceist agam? Go bhfuil brí ar bith leis an mbia a ofráiltear d'íola nó go bhfuil brí ar bith leis an íol?

20. Ní hea go deimhin; ach toisc gur do dheamhain agus nach do Dhia a ofrálann na págánaigh a gcuid íobairtí, níor mhaith liom go mbeadh aon pháirt agaibhse leis na deamhain sin.

21. Ní féidir daoibh cupa an Tiarna a ól agus cupa na ndeamhan a ól chomh maith. Ní féidir daoibh suí chun bord an Tiarna agus suí chun bord na ndeamhan chomh maith.

22. An ag griogadh an Tiarna chun éada atáimid? Nó an amhlaidh is treise sinn ná é?

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 10