Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 1:4-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Bím ag síorghabháil buíochais le Dia ar bhur son as an ngrásta atá bronnta aige oraibh in Íosa Críost.

5. Mar tá raidhse den uile shórt faighte agaibh ann: raidhse den urlabhra agus raidhse den eolas.

6. Tá an fhianaise ar Chríost dulta chomh daingean sin i bhfeidhm oraibh

7. nach bhfuil tabhartas ar bith in easnamh oraibh fad atá sibh ag feitheamh lenár dTiarna Íosa Críost a nochtadh chugaibh.

8. Coimeádfaidh seisean daingean sibh go deireadh na dála, gan cháim lá ár dTiarna Íosa Críost.

9. Tá Dia dílis agus is é a ghlaoigh oraibh chun bheith rannpháirteach lena Mhac, ár dTiarna Íosa Críost.

10. Impím oraibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, sibh go léir a bheith ar aon fhocal agus gan aon siosmaí a bheith eadraibh, ach sibh a bheith dlúite le chéile ar aon aigne agus ar aon intinn.

11. Mar tá sé curtha ar mo shúile dom ag muintir Chlóé, a bhráithre, go mbíonn sibh in achrann le chéile.

12. Is é atá i gceist agam go mbíonn gach duine agaibh á rá: “leanaimse Pól,” nó “leanaimse Apollós,” nó “leanaimse Céafas,” nó “leanaimse Críost.”

13. An amhlaidh atá Críost roinnte ina choda? An é Pól a céasadh ar an gcrois ar bhur son? An in ainm Phóil a baisteadh sibh?

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 1