Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zacairia 9:9-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón;tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim.Féach, tá do rí ag teacht chugat,é go caithréimeach slán,agus go ceansa,agus ag marcaíocht ar asal,ar bhromaichín, ar shearrach asail.

10. Scuabfaidh sé an carbad chun siúil as Eafráimagus an capall catha as Iarúsailéim;agus brisfear an bogha cogaidh.Labhróidh sé leis na náisiúin faoin tsíocháin,agus beidh sé i réim ó mhuir go muiragus ón Abhainn go himill na cruinne.

11. Ach maidir leatsa,ar son fhuil do chonartha liomsa,seolfaidh mé do chimí ar ais ón bpollnach bhfuil aon uisce ann.

12. Filligí ar an daingean, a chimí an dóchais,an lá inniu féin dearbhaímgo ndéanfaidh mé cúiteamh libh faoi dhó.

13. Óir, táim tar éis Iúdá a lúbadh dom féin mar bhogha,agus an bogha sin a ghléasadh le hEafráim mar shaighead.Beartóidh mé do chlann mhac, a Shíón, mar airmin aghaidh chlann mhac Iáván,agus déanfaidh mé claíomh gaiscígh díot.

14. Nochtfaidh an Tiarna os a gcionn.Seinnfidh a shaighead amach mar splanc thintrí;séidfidh an Tiarna Dia an stoc,agus réabfaidh sé leis ar aghaidhar stoirmeacha an deiscirt.

15. Cosnóidh Tiarna na Slua iad;dísceoidh siad [a naimhde]agus gabhfaidh siad de chosa sna clocha tabhaill.Ólfaidh siad agus tógfaidh siad racán,faoi mar a bheadh siad ar meisce le fíon;beidh siad chomh lán le babhla íobarthachomh smeartha le cúinní altóra.

16. An lá sin, sábhálfaidh an Tiarna, a nDia, iad,a phobal féin, mar thréad caorach.Óir beidh siad ag drithliú ar a thalamhamhail seoda corónach.

Léigh chaibidil críochnaithe Zacairia 9