Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zacairia 9:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Oracal.Tá briathar an Tiarna i ndúiche Hadrác,agus tá foslongfort aige sa Damaisc,- mar is leis an Tiarna cathracha uile Arámfaoi mar is leis treibheanna uile Iosrael.

2. Tá sé i Hamát freisin, áit atá ar a teorainnagus sa Tuír agus i Síodón, dá mhéad í a n‑eagna.

3. Tá an Tuír tar éis daingean a thógáil di féin,agus airgead a charnadh mar dheannach,agus ór a chnuasach mar lathach na sráideanna.

4. Ach, féach! Gabhfaidh an Tiarna seilbh uirthi;brisfidh sé a cumhacht ar an bhfarraigeagus loiscfear í le tine.

5. Feicfidh Aiscileon é sin agus tiocfaidh eagla uirthi;feicfidh Gazá é chomh maithagus beidh sí ag lúbarnaíl le scéin;beidh Eacrón ar crith freisin,mar cuirfear a dóchas ó chrích.Díothófar rí Ghazáagus ní dhéanfar cónaí in Aiscileon feasta.

6. Lonnóidh pór measctha in Aisdeod,agus buailfidh mé an t‑uabhar as an bhFilistíneach.

7. Sracfaidh mé óna bhéalan fheoil a bhfuil an fhuil inti fós,agus sciobfaidh mé a ofrálacha gráinniúlaó idir a fhiacla.Lena chois sin déanfar iarmhar dár nDia de,agus beidh sé ina chlann in Iúdá;agus beidh Eacrón cosúil le Iabúsach.

8. Suífidh mé mo champa mórthimpeall mo thí,mar gharda in aghaidh a dtiocfaidh agus a n‑imeoidh;ní ghluaisfidh aon tíoránach tríothu feasta,mar táimse tar éis bheith ag faire orthu anois le mo shúile cinn féin.

9. Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón;tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim.Féach, tá do rí ag teacht chugat,é go caithréimeach slán,agus go ceansa,agus ag marcaíocht ar asal,ar bhromaichín, ar shearrach asail.

Léigh chaibidil críochnaithe Zacairia 9