3. Ansin thaispeáin an Tiarna ceathrar gaibhne dom.
4. “Cad chuige a bhfuil siad seo ag teacht?” arsa mise. “Tá na hadharca úd tar éis Iúdá a scaipeadh sa chaoi nach bhfuil tógáil a chinn ag duine ar bith,” ar seisean liom, do mo fhreagairt, “ach tá na gaibhne seo tagtha chun scanradh a chur orthu; leagfaidh siad ar lár adharca na náisiún a d'ardaigh a n‑adharca os cionn mhuintir Iúdá chun iad a scaipeadh.”
5. D'ardaigh mé mo shúile agus chonaic mé fís eile. Is amhlaidh a bhí fear a raibh dorú tomhais ina láimh aige le feiceáil agam.
6. “Cá bhfuil tú ag dul?” arsa mise leis. “Chun Iarúsailéim a thomhas,” ar seisean liom, “féachaint cad é a leithead agus a fad.”
7. Ansin d'fhan an t‑aingeal a bhí ag caint liom ina sheasamh agus tháinig aingeal eile chuige
8. agus dúirt sé leis: “Rith leat agus abair leis an ógánach sin go gcaithfear Iarúsailéim a fhágáil gan bhallaí mar gheall ar oll-líon na ndaoine agus na mbeithíoch a bheidh inti.
9. ‘Óir beidh mise thart timpeall uirthi mar bhalla tine,’ a deir an Tiarna, ‘agus beidh mé mar ghlóir di ina lár.’ ”