Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zacairia 12:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Oracal.Briathar an Tiarna i dtaobh Iosrael. Is é seo a deir an Tiarna, an té a shín amach na flaithis agus a leag bunsraith na cruinne agus a chruthaigh spiorad an duine istigh ann:

2. “Féach! Déanfaidh mé corn meisciúil de Iarúsailéim i gcomhair náisiúin uile na comharsanachta; agus ní taise do Iúdá é nuair a chuirfear Iarúsailéim faoi léigear.

3. Ar an lá sin, déanfaidh mé cloch thógála de Iarúsailéim do na náisiúin go léir; na daoine a thugann iarracht ar í a thógáil suas, gortóidh siad iad féin go mór, agus cruinneoidh náisiúin uile an domhain ina haghaidh.

4. “Ar an lá sin, a deir an Tiarna, cuirfidh mé alltacht ar gach uile chapall agus deargbhuile ar na marcaigh. Ach féachfaidh mé anuas le taitneamh ar theaghlach Iúdá nuair a chuirfidh mé daille ar chapaill uile na náisiún eile.

5. Déarfaidh clann Iúdá ina gcroíthe ansin: ‘Údar nirt d'áitritheoirí Iarúsailéim is ea Tiarna na Slua, a nDia.’

Léigh chaibidil críochnaithe Zacairia 12