Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zacairia 11:9-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. “Ní bheathóidh mé sibh níos mó,” arsa mise. “Cibé agaibh atá le bás a fháil, faighidís bás; díothaítear a bhfuil le díothú agus itheadh an fuílleach feoil a chéile.”

10. Thóg mé mo bhachall “Cineáltas” agus bhris mé ina dhá leath í chun an conradh a bhí déanta ag an Tiarna leis na náisiúin go léir a chur ar ceal.

11. Agus cuireadh ar ceal an lá sin é agus thuig na trádálaithe caorach a bhí ag féachaint orm gurbh é sin briathar an Tiarna.

12. Dúirt mé leo ansin: “Más maith libh é, tugaigí mo thuarastal dom; ach mura maith, ná bacaigí leis mar scéal.” Agus chomhair siad mo thuarastal amach dom, tríocha píosa d'airgead geal.

13. “Caith isteach i gciste an Teampaill é,” arsa an Tiarna liom, “an luach móruasal seo, mar dhea, a chuir siad orm.” Ansin thóg mé an tríocha píosa d'airgead geal agus chaith mé isteach sa chiste iad atá i dteach an Tiarna.

14. Ina dhiaidh sin bhris mé an dara bachall, “Aontacht”, ina dhá leath chun an bráithreachas a bhí idir Iúdá agus Iosrael a bhriseadh.

15. Dúirt an Tiarna liom ansin: “Faigh trealamh aoire gan chiall duit féin athuair.

16. Mar is amhlaidh atáim chun aoire a cheapadh sa tír; ní bheidh sé buartha faoina mbeidh i mbaol a gcaillte; ní chuardóidh sé a mbeidh ag dul ar seachrán; ní leigheasfaidh sé a mbeidh gonta agus ní chothóidh sé a mbeidh slán folláin go fóill. Ach íosfaidh sé feoil na mbeithíoch biata agus bainfidh sé spólaí díobh.

Léigh chaibidil críochnaithe Zacairia 11