Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 9:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái an chéad mhí den dara bliain tar éis dóibh teacht amach as tír na hÉigipte agus dúirt:

2. “Coimeádadh clann Iosrael an Cháisc san am atá ceaptha di.

3. An ceathrú lá déag den mhí seo, idir dhá sholas tráthnona, an t‑am atá ceaptha daoibh í a choimeád. Ní foláir daoibh í a cheiliúradh de réir gach dlí agus gnás a bhaineann léi.”

4. D'ordaigh Maois do chlann Iosrael dá bhrí sin an Cháisc a choimeád.

5. Cheiliúradar an Cháisc i bhfásach Shíonái, ar an gcéad mhí, ar an gceathrú lá déag den mhí sin, idir dhá sholas tráthnóna. Rinne clann Iosrael go cruinn beacht mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 9