1. Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái an chéad mhí den dara bliain tar éis dóibh teacht amach as tír na hÉigipte agus dúirt:
2. “Coimeádadh clann Iosrael an Cháisc san am atá ceaptha di.
3. An ceathrú lá déag den mhí seo, idir dhá sholas tráthnona, an t‑am atá ceaptha daoibh í a choimeád. Ní foláir daoibh í a cheiliúradh de réir gach dlí agus gnás a bhaineann léi.”
4. D'ordaigh Maois do chlann Iosrael dá bhrí sin an Cháisc a choimeád.
5. Cheiliúradar an Cháisc i bhfásach Shíonái, ar an gcéad mhí, ar an gceathrú lá déag den mhí sin, idir dhá sholas tráthnóna. Rinne clann Iosrael go cruinn beacht mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh.
6. Bhí fir áirithe a bhí neamhghlan mar gur bhaineadar le corpán agus nárbh fhéidir dóibh an Cháisc a cheiliúradh an lá sin. Thángadar go Maois agus go hÁrón an lá sin féin,
7. agus dúirt siad leis: “Táimid fágtha neamhghlan mar gur bhaineamar le corpán; cén fáth a bhfuiltear a chosc orainne ofráil a dhéanamh don Tiarna ag an am cuí in éineacht leis an gcuid eile de chlann Iosrael?”
8. D'fhreagair Maois iad: “Fanaigí mar a bhfuil sibh go gcluine mé cad é an t‑ordú a thabharfaidh an Tiarna fúibh.”
9. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
10. “Abair le clann Iosrael: ‘Má bhíonn aon duine agaibhse nó de bhur sliocht neamhghlan mar gur bhain sé le corpán, nó má bhíonn sé ar aistear i gcéin, is féidir dó Cáisc a choimeád don Tiarna mar sin féin.
11. Coimeádaidís í ar an dara mí, ar an gceathrú lá déag, idir dhá sholas tráthnóna; caithidís an t‑uan le harán slim agus le luibheanna searbha;