Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 7:82-89 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

82. pocán gabhair don íobairt pheaca,

83. agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Aichíora mac Aenán.

84. Ba iad seo na hofrálacha a rinne ceannairí Iosrael do thíolacadh na haltóra an lá a ungadh í: dhá phláta déag airgid, dhá bháisín déag airgid, dhá mhias déag óir;

85. mheáigh gach pláta airgid céad agus a tríocha seicil, agus gach báisín seachtó seicil; agus bhí dhá mhíle ceithre chéad seicil - seicil an tsanctóra - d'airgead sna soithí sin ar fad.

86. Mheáigh an dá mhias déag óir lán de thúis deich seicil - seicil an tsanctóra - an ceann, agus bhí céad agus a fiche seicil d'ór sna báisíní sin ar fad.

87. Seo é líon iomlán na n‑ainmhithe don uileloscadh: dhá tharbh déag, dhá reithe dhéag, dhá uan fireanna bliana, lena n‑abhlanna; dhá phocán déag d'íobairt pheaca.

88. Agus líon iomlán na n‑ainmhithe don íobairt chomaoineach: ceithre tharbh fichead, trí fichid reithe, trí fichid pocán gabhair, trí fichid uan bliana fireann. Ba iadsan na hofrálacha do thíolacadh na haltóra tar éis í a ungadh.

89. Nuair a chuaigh Maois isteach i mBoth na Teagmhála chun labhairt leis, chuala sé an guth a labhair leis ó lastuas de chathaoir na trócaire a bhí ar áirc na Fianaise ó idir an dá cheiribín. Ansin is ea a labhair sé leis.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 7