Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 7:69-85 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

69. tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;

70. pocán gabhair don íobairt pheaca,

71. agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Aichíeizir mac Aimíseadái.

72. Ar an aonú lá déag sé Paigíéil mac Ocrán a rinne an ofráil;

73. sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín airgid seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;

74. mias óir deich seicil lan de thúis;

75. tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;

76. pocán gabhair don íobairt pheaca,

77. agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán; agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Phaigíéil mac Ocrán.

78. Ar an dara lá déag sé Aichíora mac Aenán ceann chlann Naftáilí a rinne an íobairt;

79. sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín airgid seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;

80. mias óir deich seicil lán de thúis;

81. tarbh óg reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;

82. pocán gabhair don íobairt pheaca,

83. agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Aichíora mac Aenán.

84. Ba iad seo na hofrálacha a rinne ceannairí Iosrael do thíolacadh na haltóra an lá a ungadh í: dhá phláta déag airgid, dhá bháisín déag airgid, dhá mhias déag óir;

85. mheáigh gach pláta airgid céad agus a tríocha seicil, agus gach báisín seachtó seicil; agus bhí dhá mhíle ceithre chéad seicil - seicil an tsanctóra - d'airgead sna soithí sin ar fad.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 7