Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 7:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An lá a bhí deireadh ag Maois ag cur an taibearnacail suas, rinne sé é a ungadh agus a choisreacan agus a throscán go léir chomh maith, mar aon leis an altóir agus a gréithe. Nuair a bhí sé go léir ungtha agus coisricthe aige

2. rinne ceannairí Iosrael ofráil; ba iadsan ceann na dteaghlach sinsearachta, ceannairí na dtreibheanna a bhí i gceannas an daonáirimh.

3. Thugadar a n‑ofrálacha i láthair an Tiarna, sé charbad iata agus dhá dhamh déag - carbad do gach dhá cheannaire agus damh an duine. D'ofráladar iad os comhair an taibearnacail.

4. Dúirt an Tiarna ansin le Maois:

5. “Glac iad seo uathu agus cuirtear ar leithrigh iad do sheirbhís Bhoth na Teagmhála. Tabhair do na Léivítigh iad, do gach duine do réir mar a éileoidh a dhualgais.”

6. Ghlac Maois na carbaid dá bhrí sin agus na daimh agus thug do na Léivítigh iad.

7. Thug sé dhá charbad agus ceithre dhamh do chlann Ghéirseon i gcomhair na ndualgas a bhí le comhlíonadh acu.

8. Agus do chlann Mharáraí, ceithre charbad agus ocht ndamh i gcomhair na ndualgas a bhí le comhlíonadh acu faoi threoir Íteámár mac Árón an sagart.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 7