29. “Déan daonáireamh chomh maith ar chlann Mharáraí de réir fine agus clainne;
30. áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain d'aois a d'fhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála.
31. Seo iad an t‑ualach agus na cúraimí go léir atá le comhlíonadh acu i mBoth na Teagmhála: creat an taibearnacail lena mhaidí snaidhme, a phollaí agus a cheapa;
32. na pollaí timpeall na faiche lena gceapa, a bpionnaí, a dtéada, agus gach a ngabhann leo. Déanaigí liosta dá n‑ainmneacha leis na hualaí a chaithfidh gach duine a iompar.
33. Sin iad na cúraimí a bheidh ar chlanna shliocht Mharáraí. Beidh Íteámár mac Árón an sagart ag riaradh a gcúraimí go léir i mBoth na Teagmhála.”
34. Rinne Maois agus Árón agus ceannairí an chomhthionóil daonáireamh ar chlann Chohát de réir clainne agus fine;
35. áiríodh gach fear idir tríocha agus leathchéad bliain d'aois a d'fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt i mBoth na Teagmhála.