Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 3:36-49 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

36. Bhí clann Mharáraí i bhfeighil chreat an taibearnacail, na bataí, na cuaillí, na ceapa agus a ghréithe go léir agus a ngabhann leo,

37. agus cuaillí na faiche mórthimpeall lena gceapa agus a bpionnaí agus a dtéada.

38. Siad a shuigh a gcampa ar an taobh thoir, os comhair an taibearnacail agus Bhoth na Teagmhála, i dtreo éirí gréine, Maois agus Árón agus a chlann mhac a bhí i bhfeighil ghnásanna an tsanctóra thar ceann chlann Iosrael. Aon duine eile a thiocfadh i ngar, bhí sé le cur chun báis.

39. Ba é líon iomlán na Léivíteach mí d'aois nó breis, a d'áirigh Maois agus Árón de réir fine mar a d'ordaigh an Tiarna dhá mhíle agus fiche.

40. Dúirt an Tiarna le Maois: “Déan daonáireamh ar gach céadghin fir ar chlann Iosrael mí d'aois agus breis á n‑áireamh ó ainm.

41. Ansin déan na Léivítigh a thoirbhirt domsa, mise an Tiarna, in áit gach céadghine de chlann Iosrael; ar an gcaoi chéanna tabharfaidh tú a n‑eallach in áit gach céadghin eallaigh le clann Iosrael.”

42. Rinne Maois dá bhrí sin daonáireamh ar gach céadghin mhic ar chlann Iosrael mar a d'ordaigh an Tiarna.

43. Ba é líon iomlán na gcéadghinte mí d'aois agus breis, fiche dó míle dhá chéad agus seachtó trí.

44. Ansin labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

45. “Tóg na Léivítigh in áit gach céadghine ar chlann Iosrael, agus eallach na Léivíteach in áit a n‑eallaigh. Liomsa féin na Léivítigh; mise an Tiarna.

46. Mar fhuascailt ar son an dá chéad agus seachtó trí céadghin ar chlann Iosrael atá de bhreis ar líon na Léivíteach,

47. tóg cúig sheicil an ceann, de réir sheicil an tsanctóra, fiche géará sa seicil.

48. Tabhair an t‑airgead seo d'Árón agus dá mhic mar dhíolaíocht as fuascailt an líon breise seo.”

49. Thóg Maois an t‑airgead fuascailte seo thar ceann na breise nár fhuascail na Léivítigh.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 3