Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 3:17-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Seo iad ainmneacha chlann Léiví: Géirseon, Cohát agus Maráraí.

18. Seo iad ainmneacha shliocht Ghéirseon de réir fine: Libní agus Simí.

19. Clann Chohát de réir fine: Amrám agus Izeár, Heabrón agus Uizíéil.

20. Clann Mharáraí de réir fine: Mailí agus Múisí. Sin iad sleachta Léiví de réir a dteaghlaigh shinsireachta.

21. Ó Ghéirseon shíolraigh sleachta na Libníoch agus na Simíoch; sin iad sleachta Ghéirseon.

22. Ba é a líon iomlán, ag cur na bhfireannach go léir mí d'aois nó breis san áireamh, seacht míle cúig céad.

23. Shuigh sleachta Ghéirseon a gcampa ar chúl an taibearnacail laistiar.

24. Ba é Eiliásáf mac Láéil ceann theaghlach Ghéirseon.

25. Sé cúram a bhí ar chlann Ghéirseon i mBoth na Teagmhála, an taibearnacal, an Bhoth lena brait, an chliath do dhoras Bhoth na Teagmhála,

26. na brait ag crochadh timpeall na faiche, an chliath do dhoras na faiche atá timpeall an taibearnacail agus na haltóra, agus na téada go léir ba ghá don ghnó seo.

27. Ó Chohát shíolraigh sleachta na nAmrámach, sleachta na nIzeárach, sleachta na Heabrónach, agus sleachta na nUizíéalach. Sin iad sleachta na gCohátach.

28. Ba é a líon iomlán, ag cur na bhfireannach go léir mí d'aois nó breis san áireamh, ocht míle sé chéad. Bhí siadsan i bhfeighil an tsanctóra.

29. Shuigh sleachta Chohát a gcampa ar an taobh theas den taibearnacal.

30. Ba é Ealzáfán mac Uizíéil ceann teaghlaigh chlanna Chohát.

31. Sé cúram a bhí orthu, an áirc, an bord, an coinnleoir, na haltóirí, soithí beannaithe an tsanctóra lena ndéanann na sagairt seirbhís, agus an chliath le gach a ngabhann léi.

32. Ba é Eileázár, mac Árón an sagart, taoiseach cheannairí na Léivíteach. Bhí sé i gceannas orthu siúd go léir a bhí i bhfeighil an tsanctóra.

33. Ó Mharáraí shíolraigh sleachta na Mailíoch agus na Múisíoch; sin iad sleachta Mharáraí.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 3